Grianghraif Bob Quinn (Pléaráca)

Cur Síos

Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an grianghraif seo ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.

Míreanna sa mBailiúchán

 An Rón agus an Mhaighdean Mhara.
An Rón agus an Mhaighdean Mhara: Tommy Ceven Ó Niaidh, Ros Muc, agus Róisín Ní Loinsigh, Indreabhán, i nGeamaireacht an Phléaráca Píca Dubh na Tulaigh agus an Spailpín Fánach, 1997 (pic: Bob Quinn/Archiva Conamara). Íomhá tógtha ón…

Ag fáil réidh don chraoladh bradach ó Chnoc Mordáin i 1987.
Ó chlé: Piaras Ó Gaora, Colm Ó Mainín, Norbert Payne, Bob Quinn, Joe Mac Donnacha - ag fáil réidh don chraoladh bradach ó Chnoc Mordáin i 1987 (pic: Archiva Chonamara). Íomhá tógtha ón alt dar teideal TG4...TnaG...Teilifís na…

Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca.
Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca. Ó Bhosca #38, Fillteán 03. Archiva Conamara.
Breathnaigh ar gach 52 mír