Bailiúchán: Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth (Ardtaifeach)

Teideal

Bailiúchán: Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth (Ardtaifeach)

Cur Síos

(Is cáipéisí ardtaifigh iad seo. Tá leaganacha ar thaifeach níos ísle, agus níos éasca le hionramháil, ar fáil ar an suíomh seo freisin).

Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Seán Mac Giollarnáth

Foinse

Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth

Dáta

1929-1951

Teanga

ga

Míreanna sa mBailiúchán Bailiúchán: Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth (Ardtaifeach)

Lámhscríbhinn 1 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 01
Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 145 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ar an…

Lámhscríbhinn 2 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 02
Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 151 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tá ÓF. Ml. IV scríofa ar an…

Lámhscríbhinn 3 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 03
Ceithre scéal seanchais mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. Ní leanann uimhreacha na leathanach de réir a chéile. Tugann inscríbhinní ag tús na lámhscríbhinne agus ar an droim le fios gurb é…

Lámhscríbhinn 4 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 04
Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus filíocht mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. 118 leathanach ar fad atá inti. Cuireadh trí mhír isteach: liosta de scéalta (7 leathanach) nach…

Lámhscríbhinn 5 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 05
Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 132 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le…

Lámhscríbhinn 6 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 06
Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais, ábhar topagrafach agus nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. 144 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ar an droim agus ag tús na lámhscríbhinne le…

Lámhscríbhinn 7 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 07
Bailiúchán de scéalta seanchais, seanfhocail agus ábhar tíreolaíoch agus éaneolaíoch atá sa lámhscríbhinn seo. 144 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach…

Lámhscríbhinn 8 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 08
Foclóirí, ábhar béaloidis agus eolas beathaisnéise faoi scéalaithe atá sa lámhscríbhinn seo. 56 leathanach ar fad atá inti.

Lámhscríbhinn 9 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 09
Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais, nathanna cainte agus ábhar beathaisnéise atá sa lámhscríbhinn seo. 96 leathanach ar fad atá inti. Tugann an bailitheoir le fios gurb é Pádraig Mac Donnchadha (Liam) (Pat…

Lámhscríbhinn 10 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 10
Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus ábhar beathaisnéise atá sa lámhscríbhinn seo. 37 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach le fios gurb é Tomás Mac an Iomaire, Coillín, Carna an…