Cormac Ó Breisleáin

Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)

San eagrán seo de ‘Beatha Duine a Shaol’ tá Cormac Ó Breisleáin (1902-1978), iar-Theachta Dála (ó 1937-1977) agus iar-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann (ó 1967-1973), ag caint le Seán Ó Tuairisg faoina shaol polaitiúil agus a shaol pearsanta. Rugadh é i nGaoth Dobhair i 1902. Déantar cur síos ar a thréimhse sna hÓglaigh i nDún na nGall agus ar a shaol mar Theachta Dála. I measc na nithe stairiúla atá luaite sa chlár, tá an Cogadh Mór, an Fliú Mór 1918-19 agus an Cogadh Cathartha i nGaoth Dobhair. Luann sé gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás. I measc na marbh bhí a athair féin, rud a thug air bogadh abhaile ón meánscoil ar a raibh sé. Pléitear an caidreamh a bhí aige le hÉamon de Valera freisin.