Mícheál Ó Mainnín

Mícheál Ó Mainnín ag Díol na Muc (Gan Dáta)

Labhraíonn Mícheál Ó Mainnín faoin am a ndeachaigh sé le muca a dhíol i dTrá Lí, mí Feabhra [ceaptar gur i mí Márta a tharla an eachtra seo] le linn Chogaidh na Saoirse. Bhíodh go leor muc i bparóistí an Daingin agus Bhaile an Fheirtéaraigh fadó, agus bhíodh aonach muc sa Daingean gach mí, áit a gceannaíodh muintir Thrá Lí na muca, lena seoladh chuig seamlais Thrá Lí (Slattery’s agus Denny’s). Ach le linn an Chogaidh, bhí na traenacha stoptha, agus bhí droichid na mbóithre leagtha ag an IRA le leoraithe na nDúchrónach a stopadh.

Thug Mícheál agus beirt eile faoin turas a dhéanamh iad féin. Chuala siad, cé go raibh na bóithre réabtha agus na droichid leagtha, nár shéid buama a bhí curtha faoi dhroichead amháin an lá roimhe, agus go mb’fhéidir go mbeidís in ann bealach a aimsiú. D’fhág siad ag a 3am, ag súil le bheith i dTrá Lí tráthnóna an lae chéanna. Chaith siad tamall ag siúl agus tamall sa chairt.

Bhaineadar Trá Lí amach, chuireadar na muca i stáblaí an mhargaidh, thug siad féar do na capaill, agus chuadar ag lorg lóistín agus greim le hithe. Soir leo ina dhiaidh sin go Coffey’s Ballroom, le breathnú ar na pictiúir. Is ansin a chonaic siad go raibh sé lán le Dúchrónaigh. Gabhadh iad ar an mbealach ar ais chuig an lóistín, chuardaigh siad iad, agus tógadh beirt acu. Máirseáladh suas chuig príosún Bhaile an Mhuilinn iad, agus mná ag fógairt orthu ó dhoirse na dtithe ar an mbealach (‘poor boys, he’ll be shot now – they’re shooting them all the morning… just off the mountain, coming off the mountain now, they had a great time off there in the bushes, poor creatures, they’re shooting them all the morning…’). Bhí faitíos orthu.

Ceistíodh arís sa phríosún iad (‘tell us a word of the truth’). Timpeall meán oíche, osclaíodh an doras, tháinig oifigeach isteach, agus caitheadh mála tuí ar bhinse adhmaid, mar leaba. Ní raibh codladh orthu, agus d’iarr comrádaí Mhíchíl an raibh an t-amhrán ‘An Clár Bog Déil’ aige, mar gur chuir an leaba garbh é sin i gcuimhne dó. Ní raibh ag Mícheál ach cúpla focal, agus drogall air iad a rá, ach dúirt sé iad ar aon nós (‘Is é mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh, I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach an clár bog déil’).

An mhaidin dár gcionn, tháinig Dúchrónach eile, le dhá mhuga tae agus greim le hithe, agus scaoileadh amach iad. Dúradh leo gan a bheith sa bhaile tar éis a 6pm an tráthnóna sin, nó go bhfaigheadh siad seal eile sa phríosún. Bhí na muca fós gan díol agus é beagnach 4pm. Bhí mórán gach duine imithe abhaile ón margadh faoin am sin, ach faoi dheireadh dhíol siad na muca – cé gur beag a fuair siad ar mhuca móra troma mar iad. D’ith siad greim, agus coinsiasach faoin am agus an sprioc a tugadh dóibh, d’fhág siad an baile. Bhí an tIRA láidir sa cheantar sin, sa Churraichín siar ó Thrá Lí, ag an am, agus ní raibh siad imithe i bhfad nuair a tháinig siad ar throid idir na Dúchrónaigh agus an tIRA, agus iad ag lámhach a chéile. Bhí leoraí dóite, casta timpeall ar an mbóthar. Bhí brath orthu casadh timpeall iad féin, ach ní raibh aon bhealach eile abhaile. Shocraigh siad fanacht go n-imeodh na Dúchrónaigh. Tar éis tamaill tháinig ball den IRA in airde ar chlaí in aice leo, agus dúradh leo dul ar aghaidh agus go stopfaidís ag lámhach go raibh siad imithe. Thug Mícheál faoi deara go raibh ceathrar nó cúigear Dúchrónach maraithe ag an IRA. Bhí an oíche fuar, agus d’fhanadar in Abhainn an Scáil ar an mbealach abhaile, áit a bhfuair siad greim le hithe agus braon fuisce. Bhí siad lag leis an ocras, agus níor chodail siad ar feadh dhá oíche i ndiaidh a chéile. Is ag meán lae an lá dá gcionn, mí Márta 1921, a shroich siad an Buailtín, agus praghas na muc saothraithe go maith acu.