Pádraig 'Creavan' Ó Cualáin

 Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (11/02/1986)

Tá Pádraig Creavan Ó Cualáin (as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe) ag caint le Máirtín Jamsie Ó Flaithbheartaigh san eagrán seo de Iris Aniar. Bhí Pádraig san IRA i 1918, in éineacht le hochtar nó naonúr eile on mbaile céanna. Baisteadh Creavan air mar ainm cleite ionas nach mbeadh a fhios ag na húdaráis cé faoi a bhí na hÓglaigh ag caint. Is cosúil go raibh an nós seo forleathan i measc na nÓglach ag an am. Bhí roinnt ainmneacha cleite eile in úsáid ag Óglaigh eile, agus luaitear Carlow (Coistealbha), Val (Malone a bhí air) agus Dan san agallamh. Tá an chuid is mó acu básaithe anois [ag an am ar craoladh an mhír]. Bhídís ag traenáil agus ag druileáil le maidí adhmaid seachas gunnaí. Ní in éadan na Sasanach a bhíodh siad, dar le Pádraig, ach ag “déanamh réiteach” idir muintir na háite den chuid is mó, agus ag feidhmiú mar fhórsa póilíneachta in áit an RIC.

Pádraig 'Creavan' Ó Cualáin