Tomás Ó Dálaigh

Agallamh le Tomás Ó Dálaigh (11/11/1972)

Sa chlár seo, labhraíonn Tomás Ó Dálaigh (Tom Daly) as Com Dhíneol, Co. Chiarraí, faoi sheanchas Chorca Dhuibhne. Labhraíonn sé faoi na rudaí a tháinig i dtír i gCiarraí mar gheall ar chogaíocht fomhuireáin na nGearmánach. I measc na ndaoine a bádh ar chósta na hÉireann bhí dhá chorp a tháinig i dtír i gCorca Dhuibhne nuair a cuireadh an Lusitania go tóin poill. Pléitear feamainn mar leasú talún, agus an iascaireacht agus luaitear eachtraí stairiúla ar nós Éirí Amach 1916.