An 'St. Jude', nó 'An Micí'

https://www.cartlann.ie/files/original/141a1b8f7e8c1c9b98fa10c7345a9365.jpg

Ruaidhrí Ó Tuairisg

Ruaidhrí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2000. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is údar cainte i gcónaí é ag lucht na mbád, cé rinne a leithéid seo de bhád, cé dhó ar dearnadh í, cén áit, céard a tharla de agus mar sin de. Is dóigh gur cuid den draíocht é a bhaineann leis na báid nach bhfuil na freagraí ar fad againn. Tá eolas réasúnta maith againn faoi chuid de bháid Chonamara ach tá cuid eile agus tá bearnaí go leor le líonadh.

https://www.cartlann.ie/files/original/389821f2bb1b63208fac17ee049832ba.jpg

Ceann den chuid eile seo is ea An MicíAn St. Jude atá coinnithe i gCéibh Chlais na nUan i dTír an Fhia. Tá fhios againn gurbh é Colm Trayers nó Colm Tray mar a thugtar air i gConamara a rinne an St. Jude. Rugadh é i Seanacomheas i nGarumna sa mbliain 1851. Bhí sé pósta le Julia Ní Dhonnachadha as Ros a' Mhíl. Bhí triúr iníon acu, Máirín, Maggie agus Julia agus mac amháin Jimmy a bhí ina shaor é féin. Phós Maggie sa mbaile ach bhásaigh sí go hóg. Chuaigh Máirín agus Julia go Meiriceá. Is mac le Jimmy é Colm Tray atá ina chónaí sa Tuairín. "Boatbuilder" a cuireadh síos do Cholm mar cheird i ndaonáirearnh na bliana 1901 agus sin í an cheird a bhí curtha síos do Jimmy a bhí cheithre bliana déag ag an am.

D'fhoghlaim Colm ceird ó Ned Ó Béara as Leitir Mealláin. I measc na mbád eile a rinne Colm, bhí An Rúra, bád a thóg sé sa gCrapach do Mháirtín Learaí as an Máimín, agus a thit ann, agus bád Chóil an tSeoige as Ros a' Mhíl. Cailleadh í ag teacht as Gaillimh, ag Ceann Bóirne. Tháinig na bádóirí slán. Rinne sé an ghleoiteog, Beaincs, a bhí ag Pádraig de Bhaldraithe agus atá i gCiarraí anois. Bhí sé ag obair ag an Congested Districts Board agus bhí daoine ag obair aige i gCuigéal. Rinne sé an nobby, St Colmcille, do Mháirtín Bheachlín Ó Conghaile as Leitir Mealláin sa mbliain 1899. Rinne sé an nobby, Lettermore, do John Barrett sa mbliain 1902 ar £190 agus rinne sé Mary Ann McCrumma do Thigh Tommy Réamoinn i nGaillimh. Fuair Colm Tray bás sa mbliain 1925.

Ag teacht ar ais go dtí an St. Jude. Is do Edward O’Loghlen as Baile Uí Bheacháin a rinneadh an bád agus seans gur eisean a thug an t-ainm sin uirthi. Ba dream mór le rá iad muintir Uí Lochlainn sa gceantar seo. Tá eolas againn faoi dhán a scríobh an file Aodh Buí Mac Cruitín (c.1670-1740) ag moladh báid a bhí ag an gclann.


Beannaigh an Bárc
Beannaigh an bárc bláthshnoithe béalchumtha,
Beannaigh an áirc árrachtach éis-iomdha,
Beannaigh an sál shnáimhfeas, a Dhé Dhúileamh,
’s gach calaithe, an trá thráchtfas, i bhfeithchiúine.
Is éachtach obann a sorthan saor chun siúil
‘s is aerga bhogas a brollach, a taobh ‘s a stiúir,
an bréideach borbdo goradh le saoraibh iúil
‘s cé fraochta a folcadh ní fochtar a céim ach ciúin.

Tá chúig véarsa ar fad sa dán. Ní inniu ná inné a tosaíodh ag moladh báid mar An Meircean Mór agus Púcán Mhicil Pháidin.

Rugadh Edward sa mbliain 1859. Bhí siopa láidir agus teach ósta aige. Go deimhin, tá an teach ósta ann i gcónaí ós comhair na céibhe ach ní leis an gclann sin anois é. Ba le fear darbh ainm Monks é ar feadh blianta ach tá úinéirí nua faoin áit anois.

https://www.cartlann.ie/files/original/adeaae4b5bb3bbd29a7d2bc0bd541bbe.jpg

St. Jude le seolta bána. Joe Conneely ó Leitir Ard ar an stiúir.

https://www.cartlann.ie/files/original/7e0dee5cbad5f2bbdf3041edefd8d481.jpg

Michael Úna Ó Domhnaill agus a bhean, Mary Phat Anda c. 1955.

https://www.cartlann.ie/files/original/f0a3c4678dce3f1434dfab391593b3a9.jpg

Lá'l Peadar agus Pól (1948) ag dul go hÁrainn sa St. Jude. Michael Úna ina sheasamh, a mhac Seán ag casadh ceoil ar bhosca le Pat Willie Ó Gríofa. Winnie Mhichael Úna, Seán Reynolds (fear na bhfatai).

https://www.cartlann.ie/files/original/9ff990cdec9cf0b6e9e7d43648efa804.jpg

Tógadh an pictiúr seo lá aonaigh timpeall 1930 de chéibh Bhaile Uí Bheachain agus tá Tigh Lochlainn le feiceáil ag ceann na céibhe ar thaobh na láimhe clé de na páistí. Tabhair faoi deara an húicéara atá le balla.

Bhí trí bhád ag O’Loghlen ag amanna difriúla ag tarringt plúir, gráin agus earraí dá shórt as Tigh Tommy Réamoinn i nGaillimh. Bhíodh galtán ag tarraingt guail aige as Learpholl i Sasana agus bhíodh a bháid féin ag tabhairt an ghuail le céibh. Dúirt Michael Kelly a thugann aire don Jude anois, go raibh sé ag caint le fear i gCinn Mhara roinnt blianta ó shin a bhí ag rá go raibh trí bhád acu, an Jude ina measc agus gurbh í seo an bád aimsire is fearr a bhí ag Edward O’Loghlen. Bhí bád darbh ainm Mary Ann aige. Bhí an An Cuanach Mór aige, freisin. Is uaidh a cheannaigh Seán Ned as an Máimín í. Thit sí in Árainn timpeall 1955. B'fhéidir gurbh í an bád céanna an dá bhád seo mar d'athraigh ainmneacha nuair a d'athraigh úinéirí. Bhíodh Edward féin ag bádóireacht agus bhíodh fear darbh ainm Griffey mar leathbhádóir aige.

https://www.cartlann.ie/files/original/01406013204a8f417c6835690df6acee.jpg https://www.cartlann.ie/files/original/8664f0a3a682708fa59911ae1f7fe7d9.jpg

John William Seoighe, Mary Ann Ní Cheallaigh agus Mícheál Ó Ceallaigh ar an St. Jude.

https://www.cartlann.ie/files/original/a2e55572f8e8b2eef109c770aa544fac.jpg

Ar bord an St. Jude.

Ní bád an-mhór an Jude, 36 troigh taobh amuigh ó bhall go posta. Tá seas crainn deich dtroigh sé orlaigh aici. Níl fhios againn cén bhliain ar tógadh í ach tá chuile sheans go raibh sí déanta roimh dheireadh na naoú haoise déag. Ceaptar gur ar an Trá Bháin a tógadh í agus gur iarr Edward O’Loghlen gan mórán tarringt uisce a bheith aici mar gheall ar chuan tanaí Bhaile Uí Bheacháin. Is mar sin a déanadh í. Níl snámh níos mó chun deireadh aici ná mar atá chun tosaigh, timpeall cheithre throigh. Dhíol Edward O’Loghlen na báid de réir a chéile. Ba í an Jude an ceann deireadh a dhíol sé. Bhásaigh Edward sa mbliain 1936.

'Sé Micí Keane as Tir an Fhia a cheannaigh í agus as sin a tugadh An Micí uirthi. Bhí bád eile aige, freisin, Bád Phatsy. Ag tarringt mhóna go hÁrainn agus soir go Cinn Mhara agus Co. an Chláir a bhíodh sé. Tharraing sí go leor beithíoch isteach agus amach go hÁrainn, freisin. Dhíol na Keanes an bád le Simon Mór Allen as Muiceanach blianta beaga roimh 1930. Is cuimhneach le Beachla hOibicín as Cinn Mhara, Camus, ar an mbaile í nuair a bhí sé timpeall deich mbliana d'aois. Rugadh Beachla sa mbliain 1918. Chuaigh Jim Mhicí go Co. na Mí sa mbliain 1935.

Ina dhiaidh sin, bhí sí ag clann Chóilin Seoige as Béal an Daingin ar feadh scaithimh. Tá scéal deas ag John Dáirbe faoi na Seoige agus Willie Annracháin, an té a bhíodh ag oscailt Droichead an Daingin. Bhí titim amach éicínt eatarthu. Tháinig an Jude ag an droichead lá ag iarraidh dul suas. Dhiúltaigh Willie an droichead a oscailt. "Gabhfaidh muid suas go do bhuíochas," a dúirt siad agus leag siad an crann agus suas leo.

Sa mbliain 1942, cheannaigh Michael Úna Ó Dómhnaill an bád ar £120. Bhí Michael agus a mhac Séamus dhá hoibriú go dtí go ndeachaigh Séamus go Meiriceá i 1949. Bhí Seán inti lena athair ansin agus thug siad an t-ualach deiridh go hÁrainn timpeall 1955. Fuair Michael Úna bás sa mbliain 1957. Tá an bád i gClais na nUan ó shoin.

Fuair Séamus Mhichael Úna bás i 1999. Dúirt Máirtín O Briain liom go raibh sí beagnach ceannaithe ag a athair Mike, do Phádraig Kelly ó bhean Mhichael Úna ach ní dheachaigh sí ar aghaidh leis an margadh. Le blianta beaga anuas, 'siad Josie Conneely, John William Seoige, John Beag Ó Flaithearta agus Michael Barrett is mó a bhíodh á gabháil. Bhuaigh sí an tsraith seoltóireachta a eagraíonn Cumann Húicéirí na Gaillimhe agus John Beag ar an stiúir sa mbliain 1997 agus bhí sí ar chomhscór leis an Tónaí faoi stiúir Mhichael Barrett an bhliain ina dhiaidh sin. Mar a dúirt mé, 'sé Michael Kelly, gar mhac Mhichael Úna a bhíonn ag breathnú ina diaidh anois.

Is iomaí duine a thug eolas dom agus mé ag réiteach an phíosa seo, Colm Tray, John William, Michael Kelly, Petie Kelly, Tommy Ó Cartúir, Pádraig de Bhaldraithe, Máirtín Ó Briain, John Dáirbe, Mac Neill O’Loghlen as Baile Uí Bheacháin agus a nia Edward O’Loghlen. Buíochas speisialta do Mhichael Kelly, do Winnie Mhichael Úna agus do Edward O’Loghlen a chuir grianghrafanna ar fáil. Is do shinsheanathair Edward a rinneadh an St. Jude. Go bhfága Dia bhur sláinte agaibh uilig.

An 'St. Jude', nó 'An Micí'