Fear na Curaighe a Chuaigh go Tamhain

Seán Mac Giollarnáth

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sliocht as an leabhar Peadar Chois Fharraige – bailiúchán de sheanchas a thóg Seán Mac Giollarnáth ó Pheadar Mac Tuathalláin. Ba as an Teach Mór, Cois Fharraige, do Pheadar Mac Tuathalláin ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i nGaillimh ar an bhFaiche Beag áit a bhfuair sé bás i 1930. Tá litriú na Gaeilge fágtha mar a bhí sé sa gcéad eagrán ach gur sa gcló Rómhánach atá sé.

Bhí fear thiar i mBaile an Tighe Mhóir. Fuair sé curach nua déanta agus go deimhin ní fear curaighe a bhí ann mar ní raibh sé luath ná láidir agus níorbh fhearr a bheith. Ní raibh aon easna ina choirp nach raibh ordlach nimh uirthe. Bhí sé chomh bastalach nuair a fuair sé an churach agus go ndeachaidh sé i gcomórtas le togha na bhfear fairrge agus ag Dia atá 'fhios má chuaidh leis.

D'éirigh sé an mhaidin seo agus sheas sé ar aill a bhí ag tóin an tighe. Chonnaic sé cosamhlacht aoibhinn álainn ar an lá. Dubhairt sé leis féin go ngabhfadh sé ag iasgach. Nuair a d'ith sé a bhricfeasta d'imthigh leis. Ghlaoigh sé ar an mac leis an gcurach a chur síos i n-éindigh leis. Nuair a bhí an churach thíos chuaidh sé agus thóg sé baoidhtí. Nuair a bhí sé réidhtithe le gabhail ar an gcurach chonnaic sé an rón chuige aniar trí chuisle, agus 'sé an t-ainm a bhí ar an gcuisle Lochán na Leathóg. Níl deis chothuithe críochnuithe ag an rón ach leathógaí, agus bhíodh leathógaí ins an lochán seo. Bhí láidhe ar a ghualainn aige, tar éis a bheith ag baint na mbaoidhtí. Lean sé an rón leis an láidhe, ach d'éirigh leis an rón go raibh an oiread uisce aige agus thug ar an domhain é.

D'imthigh leis an bhfear agus chuaidh sé sa gcurach agus chuaidh sé amach go dtí áit a dtugtar Barr na Cora air. Bhí sé ag imtheacht anonn is anall ag cuartú bráighte. Dá néirigheadh leat bheith idir an stopóg agus an léasán, déarfá leat féin go raibh bráigthe iasgaighe agat. Sgaoil sé amach an chloch théide agus nuair a shásuigh sé a intinn fuair sé a chuid druibhthe faoi réir agus thosuigh sé ag iasgach. Bhí sé ag marbhú corr bhallach, corr ronnach, agus corr mhangach le n-a dhorugha marbh (an ceann atá leigthe i ndiaidh na curaighe). Nuair a d'árduigh an taoille bhuail an t-iasc a gceann fúthab. 'Séard tsórt duine a bhí ann duine leisgeamhail agus duine mór-chodlatach. Dubhairt sé leis féin go dtáinig ceo codlaidh air. Luigh sé amuich i dtosach na curaighe. Pé brí céard d'éirigh do'n téad gearradh í agus bhí daoine ag déanamh amach gurb é an rón a ghearr í nuair a fuair sé ina chodladh é. Bhí fuaradh beag dhe ghaoith aniar díreach ann, agus, barr ar an ádh, an lá céadna, ní raibh curach ná bád ar an bhfairrge. Bhí an churach ag imtheacht léithe agus sé an áit ar bhuail sí talamh i dTamhain.

Bhí beirt bhan ag cruinneáil feamainne ins an gcladach agus bhreathnuigheadar isteach sa gcurach. Chonnaiceadar fear. Ní raibh fhios acab beo ná marbh é. Sgannruigheadar. Chuadar abhaile. D'innsigheadar a sgéal. Tháinig Tadhg Ó Clúnáin anuas agus Mícheál Ó Fatha agus Domhnall Ó Beirn. Chuaidh Tadhg Ó Clúnáin anonn agus chraith sé an fear sa gcurach. Nuair a d'éirigh sé agus bhreathnuigh sé faoi is thairis, agus chonaic sé na daoine nach bhfaca sé ariamh cheana bhí sgéin an mhurdail idir a dhá shúil. D'fhiafruigh sé díob go huafásach cén'n áit a raibh sé. Chuaidh sé amach as an gcurach. Bhreathnuigh sé ar an téad. "Tá sin déanta," adeir sé. D'fhiafruigh na fir dhó céard a thárla dhó. D'innis sé dóib. Chuireadar suas an churach agus thugadar an fear ag an teach. Fuair sé díol an rí dhe dhinnéar. Nuair a bhí an dinnéar caithte aige d'fhiafruigheadar dhó cérb as é. D'innis dé dhóib. D'imthigh Domhnall Ó Beirn. Thug sé capall srian is diallaid leis. Chuir sé sgéal i mbarr bhata go Baile an Tighe Móir. Dubhairt sé leob go raibh Micil Ó Céide slán sábháilte agus go mbeadh sé sa mbaile san oídhche lá ar n-a bhárach.

Nuair a bhí roisín caithte acab chruinnigh an t-aos óg isteach, mar is gnás é atá i gach uile tír nuair a thiocfaidh stráinséara ar an mbaile. Thosuigh ceol agus damhsa.

Ar maidin lá ar n-a bhárach nuair a fuair sé an lá, gléasadh a bhricfeasta dhó, agus an togha. Cuireadh ciseán mór chun fairrge leis le arán, tae agus bainne, agus de dhéanta na fírinne ní raibh aon ghnaithe dhe bheagán aige . Níor facthas ariamh é gan a ghoile a bheith ar chúl a ghlaice aige. D'imthigh muinntir an bhaile trí chéile agus thíolacadar chun bealaigh é. Chraith sé lámh leob agus b'fiú dhó. Rug sé ar a dhá mhaide rámha. Bhí sé ag baint buille as. Chonnaic sé bád ag éirghe amach as Droichead an Chláirín. Chuir sé a hata i mbarr an mhaide rámha. Nuair a chonnaic na bádóirí é rinne siad air agus cé bheadh ann ach Máirtín Bheartla Mhac Chon Fhaola as Leitir Mealláin. D'fhiafruigheadar dhó cé raibh sé ag gabhail. Dubhairt sé gur go Carraig an Mhatail é. Chaitheadar ceann téide aige agus tharraingigheadar ina ndiaidh é go ndeachaidh sé do'n Mhatal.