Téacsanna an Bhailiúcháin

Léaráid i Viocáire Wakefield

Íomhá de leathanach ó Mhír 44 (Viocáire Wakefield). Léaráid sa téacs.

Grianghraf de na téacsanna i mBailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth

Grianghraf de na téacsanna i mBailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth

Téacsanna Gaeilge iad an 5 théacs sa bhailiúchán: an leabhar gramadaí Gaedhilg do’n Phobal (Mac an Bheatha, g.d.) (Mír 30), an t-aistriúchán Viocáire Wakefield (Ó Cíosáin, 1931) (Mír 44), cnuasach de scéalta Fiannaíochta Eochaidh Mac Ríogh agus an Giolla Dubh (Ó Máille, 1950) (Mír 45), cnuasach de scéalta Rúraíochta Eamhain Macha (Ua Concheanainn g.d.) (Mír 46), agus cnuasach filíochta Bhéarsaí “Dhá Chích Dhanann” (Ó Muineacháin, 1946) (Mír 47). Ar an gcéad dul síos léiríonn ilghnéitheacht ábhair na dtéacsanna réimse spéise Mhic Giollarnáth. Léiríonn na téacsanna féin gur léitheoir gníomhach a bhí ann. Tá flúirse nótaí agus léaráidí breactha isteach ar imill na leathanach.