An Chéad Chogadh Domhanda

Bhí dearcadh dearfach ag an bpobal faoin gCogadh ag an tús ach thosaigh sé sin ag athrú de réir mar a maraíodh saighdiúirí. Bhí tionchar diúltach ag an gcogadh ar chaighdeán maireachtála an phobail freisin, in ainneoin na deiseanna fostaíochta agus trádála a bhí ann. Bhí boilsciú ann agus laghdú ar chaiteachas stáit neamh-mhíleata. Bhí Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann in aghaidh Éirí Amach seachas má bhí siad cinnte go mbeadh an an bua acu nó má bhí Rialtas na Breataine chun iad a ionsaí. Cé go raibh Mac Néill i gceannas ar na hÓglaigh, bhí smacht ag an IRB orthu. Rinne an IRB cinneadh nuair a thosaigh an Cogadh go mbeadh Éirí Amach acu go luath mar gheall nach mbeadh an Bhreatain in ann súil ghéar a choinneáil ar an tír. Rinne an IRB teagmháil leis an nGearmáin agus le Gael-Mheiriceánaigh le cúnamh a fháil. Rinne siad teagmháil freisin le Séamus Ó Conghaile, a bhí i gceannas ar arm beag príobháideach, Arm Cathartha na hÉireann, a bhí ann le cosaint a thabhairt do lucht stailce i mBaile Átha Cliath. Ar deireadh socraíodh éirí amach do Dhomhnach Cásca, 1916.