Cluichí Iománaíochta Nár Cheart a Dhearmad

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1999. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

San alt seo le Séamas Ó Cualáin tá cur síos suimiúil stairiúil ar an gcéad chluiche iománaíochta idir chlubanna a imríodh faoi rialacha Chumann Lúthchleas Gael in 1885 agus freisin ar chluiche iomána eile faoi na rialacha nua idir sinsir na Gaillimhe agus Thiobraid Árann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar 13 Feabhra 1886.

Is Iéir ó na tuairiscí uilig atá ar fáil go raibh an Iománaíocht i réim go forleathan i gContae na Gaillimhe i bhfad sular bunaíodh Cumann Lúthcheas Gael sa bhliain 1884. Ní iontas ar bith mar sin gur sa chontae seo a imríodh an chéad chluiche iománaíochta faoi rialacha Ch.L.G. sa bhliain 1885. Ba é Dónall De Búrca as Gort Inse Guaire ar impí Mhichíl Chíosóig a d'eagraigh an cluiche. Toghadh Páirc Uí Dhuibheannaigh gar don Ghort mar ionad na coimhlinte agus ba iad an Gort féin is Cill Anna as Co. an Chláir na comhlannaigh. De bhrí nár coinníodh aon chuntas ar na scóir ní fios cé ag a raibh an lámh in uachtar.

Ba é an Fínín, Ned Treston, a bhí mar chaptaen ar fhoireann an Ghoirt agus de réir mar tuairiscíodh ba bhreá scolbánta an fear é. Is iomaí sin scéal barrúil a bhí le haithris ag Ned faoin gcéad chluiche iománaíochta idir chontaetha a fearadh i mBaile Átha Cliath.

Gaillimh v Tiobraid Árann, 1886

D'iarr Micheál Cíosóg ar Ned féin is ar Dhónall De Búrca buíon báireoirí as Gaillimh a thionól le dul i mbun comhraic le Tiobraid Áranns sa phríomhchathair. Ach lena chois sin bheadh ar an mbeirt acu gach costas a bhain leis an turas agus le lóistín i mBaile Átha Cliath a sholáthar freisin.

Nuair a bhí gach rud faoi réir d'imigh an chuideachta leo go dtí an ardchathair ar thraein na maidine ar an Luan, 12 Feabhra, 1886. Ar shroichint Stáisiún na Cloiche Leithne dóibh cé a bhí ansin gan choinne le fáilte a chur rompu ach imreoirí Thiobraid Árann. Mháirseáil an dá bhuíon beirt ar bheirt, lena gcuid camán ar a nguaillí acu chomh fada le hÓstán Clarence mar a raibh siad go léir ag cur fúthu.

Tráthnóna an lae sin tháinig Micheál Ciosóg agus oifigigh an dá thaobh le chéile le rialacha don chluiche a dhréachtú. Theastaigh sliotar mór ó mhuintir Thiobraid Árann agus sliotar beag ó na Gaillimhigh, ach leis an dá dhream a shásamh cinneadh sa deireadh go n-imreofoí an dá chinéal sliotair in imeacht an chluiche - ceann acu i ngach tréimhse.

Ach bhí na Muimhnigh ullamh chun catha óir thug siadsan a sliotar féin leo - rud nach ndearna na Connachtaigh. Maidin lá arna mhárach is iomaí sin sráid sa chathair a shiúil fir an Iarthair sular éirigh leo saidléir a fháil a dhéanfadh sliotar dóibh.

Scéin sna hÚdaráis

Ar ndóigh ní raibh aon pháirc imeartha ar leith ag Cumann Lúthchleas Gael cois Life an tráth úd agus i ngeall ar sin roghnaíodh Páirc an Fhionnuisce mar láthair an choimheascair. B'éigean don Chíosógach féin is do roinnt fear eile cheithre scafall i gcomhair cuaillí don chluiche a fháil ar iasacht ó thógálaí tí i gceartlár na cathrach. Níor theastaigh aon trasnán ag an am de bhrí nach n-áirítí ach cúil amháin.

Ar mbeith réidh do na foirne mháirseáil siad ar fad go Páirc an Fhionnuisce, amuigh i dtosach bhí na fir a bhí ag iompar na gcuaillí, ina ndiadh tháinig fear le buicéad aoil is cúpla scuab agus ansin amhail mar a rinne na himreoirí an lá roimhe sin agus iad ag teacht ó stáisiún na traenach mháirseáil siad gualainn ar ghualainn arís. Bhí said feistithe amach ina gcuid léinte agus brístí glúine agus a gcuid camán ar a nguaillí acu.

https://www.cartlann.ie/files/original/98a5459d19ae95d29f3a2a43dbe9be55.jpg

Foireann Thiobrad Árann, céad bliain ó shin.

Ní fhacthas a shamhail seo i mBaile Átha Cliath cheana agus ní gan fáth gur thosaigh an olann ag téamh ar na húdaráis. Cuireadh scéala práinneach go Páirc an Fhionnuisce ag tabhairt le fios go raibh díorma Fíníní le reithe cogaidh (battering-ram) ag déanamh ar an áit le hÁras Ionadaí an Rí a ionsaí!

Faoi mar a bheadh súil leis bhí na geataí faoi ghlas nuair a shroich an Cíosógach agus na foirne an pháirc, agus ní gan dua a chuir Micheál ina luí ar na húdaráis gur cluiche iomána a bhí beartaithe acu a imirt.

Ar deireadh nuair a scaoileadh isteach na báireoirí agus thart ar 200 dá lucht leanúna feistíodh amach an fhaiche faoi chomhair na coimhlinte.

https://www.cartlann.ie/files/original/fd4ef174ebb898fe3683863854fc658a.jpg

Foireann na Gaillimhe.

An Cath á Riar

Duine is fiche a bhíodh ar gach foireann anuas go dtí an bhliain 1913 agus ní mórán gnaithe a bhí ag an bhfear beag lag san imin an uair úd óir ba fhir mhóra láidre thoirtiúla a thoghfaí agus ba mhinic an ceart ag an neart sna géarchomórtais. Ina cheann sin cheadaítí iomrascáil nó caraíocht ar feadh scaití le linn an chluiche. Go deimhin níorbh rud neamhghnách ach oiread imreoir ó gach taobh a fheiceáil ag caraíocht fhad is a bhí an dá scór báireoirí eile ag imirt an chluiche. Fíor-chorr uair a shéidtí an fheadóg na laethanta croídhílse sin.

Ach maidir leis an gcomhrac idir Gaillimh is Tiobraid Árann deirtear go mba an-chluiche amach is amach a bhí ann - é anamúil aigeanta agus saor ó ghangaid. Mhair an imirt uair is fiche nóiméad, ach i ndeireadh na dála d'éirigh leis na sárfhir ó Dhúiche an Chéitinnigh le cúl amháin in aghaidh thada.

Níor cheart go ligfí eáchtaí na laochra seo in dearmad choíche óir thug siad treoir, dea-shampla is inspioráid dá dtáinig ina ndiaidh.

Rinne an comhrac seo an-leas don chumann nua bhunaithe san ardchathair agus dá bharr sin tháinig borradh faoi chluiche ársa Chúchulainn cois Life áit ar bunaíodh roinnt clubanna.

Faoi mar is eol don saol Fódlach níor imríodh an chéad chluiche ceannais Iománaíochta go dtí 1 Aibreán 1888. Ba é seo babhta ceannais 1887 agus ba iad na Gaillimhigh agus báireoirí Thiobraid Árann a bhí i ngleic lena chéile arís. Dúrlas a bhí in éadan Mhílic i mBiorra agus bhí an lá leis na Muimhnigh leis an scór 1- 1 i gcoinne tada.