Corn na hIomanaíochta - Corn Liam Mhic Chárthaigh

https://www.cartlann.ie/files/original/7f80fa6dbf9fb824bb70643f73f44b51.jpg

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2000. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá an corn álainn do bhuaiteoirí Chraobh Shinsear lománaíochta na hÉireann ainmnithe i gcuimhne an tsárGhaeil, Liam Mac Cárthaigh, a rinne obair churata ar son chluichí Chumann Lúthchleas Gael i Londain Shasana i gcaitheamh a shaoil.

I gCathair na gCeo a saolaíodh Liam in 1851. Ba as an mBrú i gCo Luimnigh dá mháthair agus tháinig a athair as Baile Garbháin i gCo. Chorcaí.

ln 1895 ceapadh Liam ina chisteoir ar Bhord Chontae Londain agus trí bliana níos deireanaí roghadh é mar uachtarán an Bhoird. Nuair a bunaíodh Comhairle Chúigeach, léirigh Gaeil Londain a meas ar an gCárthach mar toghadh é d'aon ghuth mar uachtarán agus lean sé air ag obair ar a chroídhícheall sa phost seo ar feadh na mblianta.

D’eagraíodh sé comórtais peile is iománaíochta go féiltiúil leis an gcaighdeán imeartha a fheabhsú i measc a chine thall agus ina theannta sin thugadh sé foirne as Éirinn anonn ó am go ham le go rachadh a stíl agus a stuaim i gcion ar Ghaeil Londain.

Bhí an Cárthach fíriúil agus Iom dáiríre de shíor i mbun a gcuid oibre. Agus bhí a shliocht air, chuaigh C. L. G. ó neart go neart sa Bhreatain lena linn.

Ní hionann agus Somhairle Mag Uidhir bocht a bhí ar Shlí na Fírinne nuair a ainmníodh an Corn Peile ina dhiaidh féin, bhí sé d'onóir ag Liam Mac Cárthaigh gur bhronn seisean an Corn Iománaíochta den chéad uair i 1921 ar Luimneach, buaiteoirí Chraobh Shinsear na hÉireann. Agus gach bliain uaidh sin nó gur shéalaigh an t-anam as i 1928 rinne sé an beart céanna ag bronnadh an Choirn ar an gcaptaen buach.

Buaiteoirí Chorn Mhic Cárthaigh

Maidir le buaiteoirí Chorn Liam Mhic Chárthaigh, tá Corcaigh chun tosaigh ar chontaetha uile na Fódla. Uair is fiche a rinne na gaiscígh cois Laoi an beart. Tá Cill Chainnigh sa dara háit le ocht mbua dhéag agus Tiobraid Árann sa triú háit le cúig bhua déag. Cúig uaire a rinne Luimneach agus Loch Garman an gaisce; ceithre huaire Gaillimh is Ua Fáillí, trí huaire Baile Átha Cliath, agus Port Láirge agus An Clár dhá bhua an taobh.

Is fiú a lua gur chuir Cumann Lúthchleas Gael corn nua ar fáil in ionad an tseanchinn do Chluiche Ceannais Iománaíochta na bliana 1992 idir Cill Chainnigh agus Corcaigh. Agus tá sé le maíomh ag na báireoirí ó bhruacha na Feorach gur rug siad an lá leo leis an scór 3-18 in aghaidh 1-13.

Corn na hIomanaíochta - Corn Liam Mhic Chárthaigh