"Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta!"

https://www.cartlann.ie/files/original/abec32a31b7c9d292a4994afe31bce1e.jpg

San ghrianghraf thuas; Craobh Chorr na Móna de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta taobh amuigh de Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

I 1969 dhúisigh Gaeltacht Chonamara. Thosaigh daoine ag eagrú, ag gearán, ag éilimh a gcearta, ag agóidíocht in aghaidh lucht údaráis, ag labhairt amach ar a son féin. Tarraingíodh aird go náisiúnta ar fadhbanna na Gaeltachta, ó thaobh dearcadh na Gaeltachta dhe. Bunaíodh “Iarchonnacht '85”, eagraíocht a chreid go gcaithfí Gaeltacht Chonamara a 'Athphlandáil' le Gaeilgeoirí óna cathracha, ag a mbeadh na scileanna éagsúla a theastódh, le saol 20ú aoiseach a thógáil in larchonnacht. Bunaíodh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta chomh maith agus sheas Peadar Mac an lomaire in Ollthoghchán an bhliain sin agus bhailigh sé os cionn 1500 vóta. D'athraigh an toghchán sin cúrsaí polaitíochta i gConamara, mar gur bhris sé an marbhfháisc a bhí ag Fianna Fáil ar phobal an cheantair ó 1932 i leith.

Is deacair a rá, cén fáth ar dhúisigh Gaeltacht Chonamara i 1969. Cinnte bhí glún óg ag fás aníos, a raibh oideachas maith dhá fháil nó fáighte acu agus bhí postanna fáighte ag cuid acu sa bhaile. Bhí tionchar áirithe ag idéalachas na haoise orthu. I Meiriceá bhí feachtas láidir ar bun in aghaidh an chogaidh i Vietnam. Ó thuaidh bhí feachtas mairseála tosaithe ag an Northern Ireland Civil Rights Association, le cearta sibhialta a éileamh le haghaidh na náisiúnaithe sna sé chontae, a bhí faoi smacht na Breataine. Bhí mic léinn i ngach ollscoil in larthar na hEorpa agus i Meiriceá, ag tabhairt dúshlán na n-údarás. Chomh maith le sin uile, bhí grúpa Gaeilgeoirí ar an eite clé den pholaitíocht - daoine ar nós Máirtín Ó Cadhain, Séamas Ó Tuathail, Cian Ó hÉigeartaigh, Deasún Breathnach - agus ceangail acu le Gaeltacht Chonamara, a chreid go raibh tábhacht faoi leith ag baint le éirí amach "cosmhuintir na Gaeltachta". Thar aon ní eile, bhí sé éasca poiblíocht a fháil ag an am do chúis ar bith, dá ndéanfá agóid go cliste.

Ba ceantar mór tacaíochta le Fianna Fáil, Gaeltacht Chonamara, ó thoghcháin 1932 i leith. Anseo is ansiúd bhí corr phóca Fine Gaelach ach tríd is tríd bhí Fianna Fáil cinnte de 4 as gach 5 vóta, sna boscaí ón Spidéal siar go Carna. Ach bhí caite go dona leis an gceantar ag Fianna Fáil, le hais ceantracha eile. Bhí na bóithre uafasach ar fad - i bhfad ní ba mheasa ná anois. Ní raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag togáil aon scéimeanna tithe i gConamara, cé go raibh scéimeanna dhá thógáil ar fud na tíre ag Comhairlí Chontae eile. Bhí 9 teach as 10 gcinn fágtha gan uisce reatha píopáilte. I 1969 bhí Carna, an ceantar arb as don Teachta Dála Johnny Geoghegan, fágtha gan dochtúr!

Gan seirbhísí bunúsacha ar fáil, ní íontas ar bith é go raibh an daonra ag titim go tubaistiúl. Bhí daonra Chill Chiaráin titithe ó 150 i 1951 go 106 i 1966 agus an Spidéal titithe ó 207 i 1951 go 127. Bhí an ceantar dhá bhánú ag an imirce go Sasana agus go Baile Átha Cliath. Bhí an daonra laghdaithe 20% ó 1946 go 1966. Bhí cumainn peile titithe as a chéile, ceal fir óige in aois imeartha. Sna seascaidí bhí an líon paistí ag tíocht ar an saol an-ghar don líon daoine a bhí ag fáil báis agus bhí titim tubaisteach i líon na bpóstaí! Gan oideachas ní raibh ar fáil ach an dole nó post suarach ar bheagán pá i gceann de na monarchain nua a bhí dhá bhunú ag Gaeltarra ar an eastát tionsclaíochta ar an gCeathrú Rua, dá mba fear thú. Ní raibh dole ar bith ann do mhná ag an am. Ní raibh ach 228 duine fostaithe i dtionscail Ghaeltarra ar fud Conamara ag an am.

Bunú na gCoistí Pobail

“lstigh, chomh luath is a thosódh Bunny Carr ag fáiltiú roimh an lucht féachana agus an lucht éisteachta sa mbaile, sheasfadh duine den cheathrar agus thosódh ag cuir isteach air. Nuair a bhíodh an duine sin caite amach agus ciúnas aríst i réim, sheasfadh an chéad duine eile. Lean an scéal mar sin gur caitheadh amach an ceathrar...“

Ach bhí an pobal ag dúiseacht. I 1966 bunaíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige le Seán Ó Mainnín, príomhoide Ghairmscoil Cholmchille, ina chathaoirleach air agus tugadh job an rúnaí do fhear óg ón gceantar, Peadar Mac an lomaire. D'éirigh leis an gCumann Forbartha go leor a bhaint amach sa chéad bhliain, beag beann ar na bpolaiteoirí. Fuair siad amach nach raibh aon ghá labhairt le Bobby, le Johnny ná le Fintan, Ie cúnamh a fháil.

I gceantar Carna, socraíodh go mbunófaí Coiste Pobail, mí Feabhra 1969 ach theastaigh ó lucht Fhianna Fáil nach mbeadh an coiste ach ag plé leis an seipéal, an halla agus an scoil. Reachtáileadh votáil sa pharóiste ar an gceist. Níor theastaigh ó Fhianna Fáil go [sic] a bhí faoina gcúram go dtí sin. Ba leis an gcumann áitiúl den pháirtí na ceisteanna sin a phlé leis an Teachta Dála nó leis an gComhairleoir Chontae. Bhí carranna Fhianna Fáil amuigh go láidir ag tarraingt daoine ag an vótáil agus ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh le déanamh ag an gcoiste nua ach airgead a bhailiú don scoil agus a socraithe a dhéanamh faoi glanadh an tséipéil. Shocraigh na daoine go raibh coiste pobail leathan uathu, coiste a fhéadfadh labhairt amach ar son an phobail agus faoi fhadhbanna éagsúla sa gceantar. I measc na daoine a toghadh ar an gcéad choiste, bhí Deasún Fennell, fear a raibh tionchar mór aige ar Cearta Sibhialta.

An Picéid ar Theach Furbo

D'eascair Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta as picéad a cuireadh ar Theach Furbo, le linn do RTÉ a bheith i mbun an clár Quicksilver, a thaifeadadh. Bhí an clár dhá chur i láthair ag Bunny Carr agus dhá léiriú ag Lelia Doolan, bean a d'éirigh as RTÉ go gairid ina dhiaidh sin. Thart ar 70 duine a bhí ar an bpicéad. Peadar Mac an Iomaire agus Pádraig Ó Coincheanainn, ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, a d'eagraigh é. Ba as Cois Fharraige fórmhór na ndaoine a bhí i láthair agus in éindí leo bhí cúpla duine ó Chonradh na Gaeilge. Chuaigh ceathrar isteach agus thóg siad raic. D'fhan an chuid eile taobh amuigh sa mbáisteach trom. Istigh, chomh luath is a thosódh Bunny ag fáiltiú roimh an lucht féachana agus an lucht éisteachta sa mbaile, sheasfadh duine den cheathrar ag cur isteach air. Nuair a bhíodh an duine sin caite amach agus ciúnas aríst i réim, sheasfadh an chéad duine eile. Lean an scéal mar sin gur caitheadh amach an ceathrar.

Bhí billeog réitithe roimh ré ag Conradh na Gaeilge, ag inseacht cén údar a bhí leis an agóid. Cearta teangan is mó a bhí ag déanamh buartha do lucht an chonradh. Thosaigh an billeog leis an ráiteas seo leanas: "Tá an agóid seo á dhéanamh ag muintir Chois Fharraige agus Conradh na Gaeilge ar son chearta mhuintir na Gaeltachta mar phobal agus i gcoinne gníomhaíochtaí, ranna agus forais stáit atá ag brú Béarla mar phríomhtheanga ar mhuintir na Gaeltachta."

Cé gur RTÉ is mó a bhí faoi ionsaí sa mbilleog, mar gheall ar a laghad Gaeilge agus ceol Gaelach ar RTÉ, idir Raidio is Teilifís agus faoi bheith ag "brú Béarla ar an nGaeltacht" is mar gheall ar go raibh sé "de dhánaíocht iontu teacht anseo go dtí an Ghaeltacht chun a gcuid clár Béarla a dhéanamh" a cuireadh an picéad ar Theach Furbo.

https://www.cartlann.ie/files/original/2cb7e6b65123fb15ba6bad474db9a10b.jpg

Cearta Sibhialta na Gaeltachta ag siúil ó Bhearna go Carna agus iad ag éileamh Údarás Ghaeltachta.

Ní mó ná sásta a bhí cuid de na daoine taobh istigh leis an agóid. Sheas Ciarán Mac Mathúna, fear nach bhféadfadh éinne a chur ina leith nach raibh sé Gaelach agus de réir an tuairisc a bhí ar an bpaipéar INNIU, dúirt sé go mba náireach an mhaise do lucht na hagóide, picéad a chur ar Theach Bill Fuller, fear a thug an oiread sin saothrú chun na háite. "Only for Bill Fuler many of the boys from this area would be over in Camden Town" adúirt Ciarán. Bhí cúpla speech, ag geata an Óstáin, th'éis don ceathrar istigh bheith caite amach. Mhol duine a bhí i láthair go mba chóir an ábhar casoide a chur os comhair Teachtaí Dála an cheantair ach duirt Peadar Mac an lomaire go raibh Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh ar an bpolaiteoiri castáil leo le fada le fadhbanna sa cheantar a phlé ach nár bhfuair siad aon sásamh uathu. Tháinig gáir on slua "Cén fath nach dtoghann muid teachtaí dála dár gcuid féin".

Bunú Chearta Sibhialta

Socraíodh an oíche sin go dtabharfaí cruinniú le chéile i seanscoil an Chnoic ar an Domhnach dar gcionn. Tugadh an cruinniú le cheile i seanscoil Shailearna ar an Domhnach 25ú lá Márta. Bhí os cionn 90 i láthair, do réir na tuairisce ar INNIU. I measc an dream a bhí i láthair, bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Maolsheachlainn ó Caollaí. Ba é Peadar Mac an Iomaire a bhí sa gcathaoir. Socraíodh go mbeadh an eagraíocht nua ag plé le

  1. Saothrú a chur ar fáil sa bhaile.
  2. Stopadh an dole ar daoine.
  3. Scéimeanna uisce
  4. Strainséirí ag fáil greim ar acmhainní na gaeltachta
  5. Caitheamh aimsire tré Ghaeilge a chur ar fáil
  6. Polasaí Ghaeilge RTÉ
  7. Téacsleabhar Ghaeilge a bheith i scoileanna na Gaeltachta.
  8. Suim eagras Gaeilge a mhúscailt sa Ghaeltacht.

Toghadh coiste an oíche sin leis na hionadaithe seo leanas óna ceantair eagsúla.

  • Carna: Joe Sheáinin Ó Tuairisg, a bhí ag obair ag an am i gCarna le Gael Linn, ach arb as Cois Fharraige ó thus dhó. Sheas sé sa toghchán do Chearta Sibhialta i 1973.
  • Cill Chiaráin: Seosamh Ó Cuaig, a bhí an uair sin ag obair leis an bpáipéar INNIU.
  • Ros Muc: Tomás Ó Conaire, múinteoir bunscoile.
  • Camus: Josie Gibbons, atá gníomhach i gcónaí i gcúrsaí pobail.
  • Tír an Fhia: Coilmín Tom Ó Donncha as an Máimín, a bhí ag múineadh scoile ag an am i dTuaim.
  • Leitir Móir: Ruairí Ó Conchúir, deartháir le Nioclás Ó Conchúir.
  • An Cheathrú Rua: Willy Pháidín Mac Donncha, múinteoir bunscoile.
  • Ros a' Mhil: Micheál Mac an Iomaire, múinteoir scoile
  • An Tulach: Peadar Cháit Ó Conaola
  • Na Minna: Pádraig Willy Mac Donncha.

Tháinig na hoifigigh go léir ó cheantair an Chnoic - Peadar Mac an Iomaire, Ruaidhrí Ó Tuathail, Pádraig Ó Coincheanann, Tomás Ó Ráighne, Joe Steve Ó Neachtain agus Maidhc Beag Ó Conghaile. Go bhfios dom ní raibh ach bean amháin gníomhach. B' shin í Caitlín Nic an Iomaire ó Dhoire Né. Bhí cuid den lucht tacaíochta ag obair i mBaile Átha Cliath - Ruaidhrí Ó Tuairisg agus a dheartháir Seán, Máire Áine Ní Flaithearta (An Cheathrú Rua) agus ar ndóigh Máirtín Ó Cadhain.

Freagra ón Rialtas

Níor thóg sé i bhfad go raibh Airí Rialtais ag caitheamh anuas ar an eagraíocht nua. Ag labhairt dhó i nGaeltacht Mhuscraí, bhí an méid seo a leanas le rá ag Aire na Gaeltachta, Paddy Faulkner ar an 17/4/69, trí seachtainí th'éis bunú na heagraíochta: "Is eol daoibh go léir go bhfuil iarracht an-mhór ar siúl ag an Rialtas chun an Ghaeltacht a fhorbairt agus saothrú a chur ar fáil do na daoine ina gceantar dúchais féin. Tá dóchas agus misneach ag muintir na Gaeltachta nach raibh acu roimhe seo agus tá comhar agus comhoibriú na Ranna uile Stát, na gcomhluchtaí stát urraithe agus na núdarás áitiúil le fáil anois againn i dtreo is go neireodh linn, le cuidiú Dé, a háit cheart a thabhairt don Ghaeltacht sa náisiún Gaelach atá dhá thógáil againn. Is dócha gur thug sibh faoi deara go mbíonn scaothairí ag gabhail timpeall na laethanta seo ag gearán go bhfuil deireadh leis an nGaeltacht agus nach bhfuil a dhath á dhéanamh ag an Rialtas chun i a shlánú. Bíodh is go bhfuil bá an phobail linn go dtí seo, is é an baol atá sna nathanna mímhacánta atá á gcur os a gcomhair anois na go sílfeadh daoine lasmuigh den Ghaeltacht nach bhfuil tairbhe ar bith ag teacht as na milliún punt d'airgead poiblí atá á gcaitheamh ar an nGaeltacht agus nach mbeidh fonn orthu na cánacha is gá a íoc chun airgead mar sin a chur ar fáil. Dá bhrí sin ba mhaith an rud é dá mbeadh daoine fiúntacha sa Ghaeltacht, a fheiceann lena súile féin, an dul chun cinn atá á dhéanamh, a mbeadh sé de mhisneach iontu labhairt amach ionas go dtuigfear fírinne an scéil."

D’fhreagair Cearta Sibhialta na Gaeltachta le ráiteas a bhí ar INNIU (2/5/69) a dúirt an méid seo: Má leanann an cás mar atá leis an daonra ag titim; leis an imirce fós faoi lán tseoil agus le lucht tógála óstán agus le lucht airgid ag méadú a stór san áit; leis an nganntanas postanna do lucht fágála scoile gar do bhaile; le córas polaitíochta atá bunaithe go daingean ar "fábhar" in áit ar cheartanna do chách; le scoileanna gan téascsleabhair gaeilge; leis an gcóras a chuireann obair ar fáil do chailíní na Gaeltachta i gcistiní sna hóispidéil i nGaillimh - obair nach dteastaíonn ó chailíní as aon áit eile - má leanfar leis an gcóras seo, ní hamháin go gcuirfear pobal Gaelach Chonamara faoin bhfód mar Ghaeilgeoirí ach cuirfear an marbhfháisc orthu fiú mar phobal daoine."

Bhí ceist na Gaeltachta a chur ar an gclár diospóireachta poiblí. Ní beag san. Bhí aird dírithe ar Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí a fhios acu, gach uair dá ndéanfaidís agóid go mbeadh poiblíocht le fáil as. Bhí an léiritheoir a bhí ar clár cúrsaí reatha tré Ghaeilge - Eoghan Harris - an-bhádhúil leis an nGluaiseacht nua. Bhí sé éasca dóibh fáil ar an dteilifís agus labhairt le muintir na hÉireann. Bhíodh os cionn 500,000 duine ag breathnú ar FÉACH an uair sin. Seo mar a scríobh Seosamh Ó Cuaig in alt san Irish Times (2/4/75): "Ba rud sár fhaiseanta é Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar fud an domhain an trath sin agus bhí neart poiblíochta le fáil ag ár leitheidí sinne. Bhí a shliocht orainn. Mhair muid ar feadh cúig bliana ar bhlaiseteanna flaithiula poiblíochta ar mhór an sásamh croí iad go pearsanta ach ar bheag a dtairbhe nuair nach raibh an teagar na an gníomh ag cur leo go minic. Mar sin fein dhúisigh muid an pobal leis an ngníomhartha te bruite a rinneamar."

Peadar ina larrathóir

Shocraigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar iarrthóir a chur chun cinn san ollthoghachán i 1969. Roghnaíodh Peadar Mac an Iomaire. Bhí se ina oifigeach ar Chumann Forbartha an Chnoic. Ba múinteoir óg é i Scoil Chuimsitheach nua sa Cheathrú Rua. Cainteoir cumasach féinmhuiníneach é, cé ag an am go raibh sé sách cuthaileach ag meascadh go sóisialta. Níor ól sé agus ní bhíodh sé ar a shásamh i gcomhluadar an tí tabhairne. Bhí sé cúramach. Ba é John Hume na Gaeltachta é, ar an eite coimeádach den Ghluaiseacht. Ní raibh aon mhuinín aige as modhanna Fianna Fáil leis an áit a chur chun cinn. Theastaigh uaidh go mbeadh craobh de Chearta Sibhialta ag gniomhú i ngach paróiste, ag déileáil le fadhbanna na ndaoine. Thuig se go bhféadfadh seisean idirghabháil a dhéanamh le roinn stáit chomh éifeachtach nó níos éifeachtaí ná aon Teachta Dála, dá mbeadh cás maith ann.

Ach bhí lucht tacaíochta ag an nGiuaiseacht a chreid i modhanna níos réabhlóidí.Tháinig daoine go Conamara le tacaíocht a thabhairt don Ghluaiseacht Ie linn an fheachtais toghchánaíochta agus a bheag nó mhór thóg siad seilbh ar an bhfeachtas. Bhí scileanna eagrúcháin acu agus bhí tuiscint áirithe acu ar cén bealach le toghchán a throid.

https://www.cartlann.ie/files/original/d6fbc840045ae1c292a6e6ad3965e54d.jpg

Tom O'Donnell, a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, ag déanamh ar an Merc thar an picéid. Cuireadh an picéid air mar gheall ar an mhoill a bhain le bunú Údarás Ghaeltachta.

Jack Lynch i gConamara

Thug an Taoiseach Jack Lynch cuairt ar an gCeathrú Rua le linn an fheachtais. Ní thabharfadh lucht tacaíochta Chearta Sibhialta, aon deis cainte don Taoiseach ná do iarrthóirí Fhainna Fáil, go dtí go bhfreagróidís naoi gceist a bhí déanta amach. B'é an chead cheist a bhí ar an liosta acu - "Cén fáth ar fhág 5,000 duine an ait ó 1956?" agus bhí ceist eile don Taoiseach a bhain le imirce "Cár cheap an Taoiseach a bhí an dream idir 20 agus 40 bliain d'aois?"

Ón lá sin ar aghaidh, bhí sé ina chogadh idir Fianna Fáil agus na Cearta Sibhialta. B'fhacthas do go leor ón gCeathrú Rua go mba dream anoir iad na Cearta, a bhí in éadan na Ceathrú Rua agus bhí údar acu lena cheapadh. Mar shampla, cáineadh Petie Ó Sé, an taibhneoir, go minic mar go raibh Óstán na Ceathrú Rua á dtógáil aige, le cúnamh deontais ó Bhord Fáilte. Bhí Óstán le tógáil i gCarna thart ar an am céanna ag Pádraig Ó Coscordha fear a bhí neamhspleach ar Fianna Fáil ach ní raibh tada le rá faoi sin.

Is cinnte gur chaill na Cearta Sibhialta go leor tacaíochta, mar nach raibh aon smacht ar dream poblachtánaigh a tháinig ó Bhleá Cliath le cúnamh a thabhairt. B'ionann Fianna Fáil dóibh agus an páirtí Aondachta ó thuaidh. Tharla eachtra amháin thar aon cheann eile, a rinne an-dochar don fheachtas. Caitheadh táirní ar an mbóthar in aice le Baile na hAbhann, roimh carr an Taoisigh agus é ar a bhealach aniar on gCeathrú Rua. Cuirfeadh cúpla poll sna boinn. Ar ndóigh tharraing sin níos mó poiblíochta don 'éirí amach' in éadan Fhianna Fáil i gConamara. Thug sé an-sásamh do na daoine óga a bhí páirteach sa bhfeachtas ach shíl go leor a bhí bádhúil roimhe sin leis na gCearta go raibh siad imithe thar fóir ar fad. T’eis eachtra na dtairni, dúirt bean as Doire Choill agus í ag tíocht amach as séipeal Ros a' Mhíl le cainteoirí Chearta Sibhialta: "Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta."

Bhain an líon vótaí a fuair Peadar Mac an Iomaire creathadh as na polaiteoirí agus thug siad aird ar roinnt de na héilimh a bhí déanta. Bunaíodh Radió na Gaeltachta i 1972; géilleadh go mba chóir an calaphort iascaireachta a thógáil ag Ros a' Mhíl in áit Ghaillimh, caitheadh go leor airgid poiblí sa Ghaeltacht le linn na seachtóidí. Má tá ionadaithe tofa ar Údarás na Gacltachta, is mar gheall ar an béim laidir a chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar an éileamh, go mbunófaí Údarás Áitiúl Ghaeltachta. Is mar gheall ar Cearta Sibhialta, a bogadh Oireachtas na Gaeilge amach ó Bhleá Cliath, go ceantracha Ghaeltachta. Ar an dtaobh eile den scéal, bhí dearcadh frith údarásach ag Cearta Sibhialta na Gaeltachta, rud a d'fhág go leor doirse dúnta agus cluasa bodhar. Ní féidir le duine ar bith a shéanadh gur tháinig maitheas as a niarrachtaí ach b'fhéidir dá mbeidís níos sibhialta go mbeadh níos mó tacaíocht ón bpobal le fáil.

Deireadh Ré

Lean Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar aghaidh go 1979, nuair a bunaíodh eagraíocht nua, ar a glaodh “Gluaiseacht na Gaeltachta”. Sheas Peadar Mac an Iomaire i dtoghcháin an Údaráis i 1979, ar son "Gluaiseacht na Gaeltachta". Theip air suíochán a fháil le cúpla céad vóta. Chuir an toghchán sin deireadh le Cearta Sibhialta agus le ré an spéisiúl i nuastair Ghaeltacht Chonamara.