Eagarfhocal 1998: Cá bhfuil an Tascfhórsa Gaeltachta?

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

"Ní dul chun cinn eacnamaíoch a mharóidh an Ghaeilge ach gan an cineál seo dul chun cinn ní bheidh pobal ann le teanga d'aon tsórt á labhairt. Ach os a choinne sin d'fhéadfadh forbairt tionsclaíoch de chineál áirithe, saor ó aon rialacha teanga, an Ghaeilge a scuabadh chun siúil níos tapúla ná mar a rinne na bataí scóir…"

Breandán Ó hEithir a scríobh an méid sin scór bliain ó shoin, i bhforlíonadh speisialta a bhí san Irish Times faoin teideal "An Ghaeltacht agus Cúrsaí na Gaeilge".

Le scór bliain anuas d'éirigh le hÚdarás na Gaeltachta an fhorbairt thionsclaíoch a dhéanamh, "saor ó aon rialacha teanga" ar an gcuid is mó agus tá an Ghaeilge beagnach scuabtha chun siúil.

Mí Aibreáin seo caite, d'fhoilsigh an Oifig Staidrimh figiúirí daonáirimh spéisiúla agus scanrúla faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Léirigh sé go bhfuil an líon daoine fásta a úsáideann Gaeilge ar bhonn laethúil titithe faoi bhun a leath sa Ghaeltacht ina hiomláine. As 41,000 duine os cionn 18 mbliana sa Ghaeltacht ag an am a rinneadh an daonáireamh i 1996, bhí 20,000 acu ag maíomh go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil. Ag cur san áireamh go mbeadh cúpla míle acu, ar a laghad, ag déanamh áibhéile faoin méid Ghaeilge a labhrann siad, ciallaíonn an figiúr seo nach gnáthach le duine fásta as gach beirt sa Ghaeltacht Oifigiúil an Ghaeilge a úsáid ar chor ar bith i gcaitheamh lae. Ar ndóigh, tá an scéal i bhfad níos measa i measc na ndéagóirí sa nGaeltacht.

Bheifeá ag súil le díospóireacht phoiblí faoin gceist, nuair a foilsíodh na torthaí, ach is fada an lá ó thit cás na Gaeltachta den agenda náisiúnta.

I gCathair na Mart mí Feabhra seo caite, chuir an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh páipéar faoi staid na Gaeltachta i láthair comhdhála a thug an eagraíocht Cumas le chéile. I láthair, bhí thart ar 80 duine atá gníomhach i bhforbairt phobail i gConamara Theas agus ar Oileáin Árann. Níor chuir sé fiacal ann. Dúirt sé go bhfuil an Ghaeltacht ag béal na huaighe.

"Tá bás na bpobal Gaeltachta, mar phobail ar leith teanga, á thuar le fada", a dúirt sé. "Tá fianaise ann go bhfuil an tuar ag tíocht faoin tairngreacht de réir a chéile. I gcuid de na limistéir atá aitheanta ag an Stát mar chuid den Ghaeltacht 'oifigiúil' tá an bonn teanga chomh lag sin gur ar éigean a d'fhéadfaí a rá gur teanga phobail í an Ghaeilge ar aon tslí réasúnta. Go fiú sna limistéir is láidre ó thaobh na teanga de, tá fianaise dhoshéanta go bhfuil an patrún dátheangach atá ag feidhmiú iontu ag tabhairt an lámh in uachtar don Bhéarla i saol an phobail níos mó agus níos mó."

B'é tuairim mheáite na comhdhála i gCathair na Mart, tar éis plé fada a dhéanamh ar staid na Gaeltachta go mba chóir tascfhórsa a bhunú le féachaint an bhféadfaí stop a chur le díothú na Gaeltachta. Níor bunaíodh an tascfhórsa fós.

Tá an t-eagarfhocal seo dírithe ar an Aire Stáit Éamonn Ó Cuív, fear a thuigeann an cheist níos fearr ná éinne a tháinig roimhe sa phost agus seans maith níos fearr ná éinne, a thiocfaidh ina dhiaidh. Tá muide ag iarraidh ar an Aire Stáit rud amháin a dhéanamh go práinneach agus sé sin Tascfhórsa Gaeltachta a bhunú a mbeidh sé mar chúram air fianaise a thógáil sa Ghaeltacht faoin bhfíorstaid ina bhfuil gach ceantar; agus ansin stráitéis chomhtháite a chur le chéile maidir le slánú na Gaeltachta mar phobal dhátheangach ina mbeadh an Ghaeilge in uachtar.

Tascfhórsa éifeachtach a theastódh, ar a mbeadh daoine consiasacha tuisceanacha réadúla óna pobail Ghaeltachta, ag obair faoi stiúir áisitheora neamhspléaigh. Ní mhór go mbeadh na daoine a roghnófaí ar an dtascfhórsa bainteach le agus eolach ar shaol laethúil na Gaeltachta; go mbeidís ionadaíoch de na grúpaí sóisialta éagsúla - tuismitheoirí, oideachasóirí, daoine óga, lucht na meán; oibrithe monarchan; agus thar aon rud eile go mbeidís in ann an obair a dhéanamh go héifeachtach le chéile. Ba chóir go bhféadfadh an tascfhórsa comhairleoirí a fhostú, le saineolas a thabhairt, de réir mar ba ghá.

Sa deireadh thiar thall agus muid ar druidim le deireadh na mílaoise, tá dhá rogha ann. Na maidí a ligint le sruth, géilleadh don Bhéarla agus glacadh leis nach mbeidh an Ghaeillge dá h-úsáid i bhfad eile mar gnáth-theanga phobail i nDeisceart Chonamara. É sin, nó comhghuaillíocht a bhunú idir na heagraíochtaí agus na daoine atá gníomhach sa phobal, ar cás leo an Ghaeltacht agus seasamh láidir a thógáil faoin gceist sara mbeidh sé rómhall.

A Éamoinn, is fútsa atá sé gníomhú.