Pleanáil agus Teanga i nGaeltacht Chonamara

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Cúlra

Ó Bhealtaine 2003 tá iarratais phleanála i gConamara á meas de réir an Phlean Forbartha nua. Sa Phlean Forbartha 2003-2009, tá polasaí raidiciúil leagtha síos faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tharraing na míreanna faoin nGaeilge sa Phlean Forbartha go leor cainte, cruinnithe, achrainn agus conspóide ag an am. Tar éis cur agus cúiteamh go leor, ghlac Comhairleoirí Contae leis an bpolasaí nua, a deireann go bhfuil sé i gceist cead pleanála a thabhairt sa Ghaeltacht "with special consideration to Irish speaking applicants....and by imposing conditions in granting such permissions which will ensure the stabilisation and the promotion of lrish as a community language." (Alt 10.3). Tá sé ráite chomh maith go mbreathnófar go fabharach ar iarratais phleanála ar thithe a thógáil sa Ghaeltacht do chainteoirí dúchais Gaeilge agus do lánúineacha le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh go ceantar a bhfuil Gaeilge á labhairt ann. Athrú suntasach é seo ar an bpolasaí a bhíodh ann roimhe sin.

Dá réir sin is buntáiste mór é do dhuine atá ag cuardach cead pleanála le teach aonair a thogáil sa Ghaeltacht, go mbeidís in ann a rá go bhfuil Gaeilge líofa acu. Iarrtar ar dhaoine atá ag déanamh iarratais phleanála cur síos a dhéanamh ar chumas Gaeilge gach duine sa teaghlach, mar chuid den phróiseas. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé níos éasca do dhaoine le Gaeilge, cead pleanála a fháil i nGaeltacht Chonamara ó tháinig an Plean Forbartha nua i bhfeidhm.

Ar ndóigh níl Comhairle Chontae na Gaillimhe ach ag gníomhú de réir an dlí, a leagann dualgas ar gach Comhairle Contae, a bhfuil ceantar Ghaeltachta faoina cúram féachaint chuige go mbeidh cosaint "oidhreacht teanga na Gaeltachta" mar chuspóir ag an gcóras pleanála. [Alt 10.2(m) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000]. Is mar thoradh ar stocaireacht a rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, le linn don Bhille Pleanála a bheith os comhair an Oireachtais, a tugadh an t-aitheantas reachtúil do chosaint na Gaeilge faoin gcóras pleanála don chéad uair riamh. Roimhe sin bhíodh leisce ar an gComhairle Contae, iarratas a dhiúltú sa Ghaeltacht, ar chúinsí teanga.

Polasaí á chur i bhfeidhm

Tá sé éasca polasaí a chur ar phár. An polasaí a chur i bhfeidhm, sin rud eile. Céard atá ag tarlú? Tugadh cead pleanála do John Foye, i mí na Nollag seo caite le árasáin a dhéanamh ar an Spidéal ach an coinníoll seo a leanas a chomhlíonadh:

"Prior to the commencement of the development, the applicant shall enter into a legal agreement with the planning authority, the purpose of which shall be to restrict or regulate the residential elements of the development here permitted for the exclusive use of occupants who have an appropriate competence/fluency in the Irish language. Details of the standard of Irish to be achieved and methods of evaluating same shall be agreed in writing with the planning authority prior to the finalisation of the legal agreement here conditioned." [Liomsa an bhéim]

Glacadh leis gur daoine le Gaeilge amháin a chaithfeadh a bheith ina gcónaí sna hárasáin ar fad a thógfaí faoin gcoinníoll teanga. Ach ní mar sin atá. Sé an socrú dlí a rinneadh nach mbeadh ach 18 de na 29 árasán ar fáil do dhaoine le Gaeilge líofa ar feadh tréimhse 10 mbliana. Tá na hárasáin á dtógáil faoi láthair agus fógraithe le díol faoin ainm "Bruach na hAbhann".

I Mí Meithimh ar imeall an Spidéil tugadh cead do Hyberg Development scéim 17 teach a thógáil ag ceann an bhóthair i mBothúna. Tá an coinníoll céanna teanga ceangailte leis an gcead, is é sin go gcaithfí teacht ar shocrú dlí leis an gComhairle Contae lena chinntiú gur le haghaidh "the exclusive use of occupants who have an appropriate competence/fluency in the Irish language" a bheadh na tithe á dtógáil. Ach níl na forbróirí sásta glacadh leis an gcoinníoll teanga agus tá achomharc déanta acu ag iarraidh ar an mBord Pleanála an coinníoll teanga a chur ar ceal ar fad. Ar an taobh eile den scéal tá grúpa daoine i mBothúna ag gearán leis an mBord Pleanála nach bhfuil an coinníoll teanga sách láidir. San achomharc cuimsitheach atá déanta ag grúpa Bhothúna deirtear nach leor an coinníoll teanga leis an nGaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Spidéal agus sa gceantar máguaird, i bhfianaise an socrú dlí a rinne an Chomhairle Contae le John Foye i gcás árasán Bhruach na hAbhann. Beidh spéis faoi leith sa gcás seo, mar go soiléireofar an dearcadh an Bhord Pleanála faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Anuas ar sin tá dhá chás eile spéisiúil os comhair an Bhord Pleanála i láthair na huaire. Le déanaí ceanglaíodh an coinníoll céanna teanga le cead pleanála a tugadh don fhear ghnó Micheal Hughes le roinnt árasán a thógáil i mBaile Chláir na Gaillimhe. Cé go bhfuil Baile Chláir ina shráidbhaile Gaeltachta de réir na mapaí, níl de réir critéir teanga. Go deimhin léiríonn torthaí Daonáireamh 2002, gur mó Gaeilge a labhartar in Órán Mór ná mar a labhartar i mBaile Chláir. Ar ndóigh níl aitheantas Gaeltachta ag Órán Mór agus déarfadh daoine - mé féin ina measc - nár cheart go mbeadh ag Baile Chláir ach oiread. Mar sin féin tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag leagan an choinníll céanna teanga i mBaile an Chláir le cosaint a thabhairt do theanga nach labhartar ann is a leagtar síos sa gCeathrú Rua. Ní iontas ar bith go bhfuil Michael Hughes ag déanamh achomhairc chuig an mBord Pleanála in aghaidh na seafóide seo. Go n-éirí leis!

Cás eile atá os comhair Bhord Pleanála ná cead a tugadh do Tom Burke siopaí agus árasáin a thógáil sna Forbacha. Leis an gcead a tugadh tá an coinníoll céanna teanga, is é sin go gcaithfí socrú dlí a dhéanamh leis an gComhairle Chontae "to restrict or regulate the residential elements of the development for the exclusive use of occupants who have an appropriate competence/jluency m. the Irish language". Tá achomharc déanta in aghaidh na forbartha seo ag Páid Ó Donnchú. San aighneacht a chuir sé os comhair an Bhord Pleanála, deireann sé go bhfuil todhchaí Na bhForbacha mar phobal Gaeltachta idir dhá cheann na meá agus go bhfuil an chontúirt ann go bhféadfadh Na Forbacha aitheantas Gaeltachta a chailliúint, má cheadaítear breis forbairtí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do labhairt na Gaeilge sa gceantar.

Tionchar na Scéimeanna ar úsáid na Gaeilge

Tá dochar mór déanta cheana i gceantar an Spidéil d'úsáid na Gaeilge ag scéimeanna tithíochta a tógadh ann le blianta beaga anuas. Thit líon na dteaghlach sa Spidéal a fhaigheann Deontas Iomlán Labhairt na Gaeilge, ó 67 i 1991 go 45 i 2001, in ainneoin an méadú a tháinig ar líon na dteaghlach le páistí scoile sa gceantar.

ln aighneacht a chuir Glór na nGael, An Spidéal os comhair na Comhairle Contae maidir le forbairtí sa Spidéal bhí an méid seo a leanas ráite:

"Tá fianaise láidir ann maidir leis na scéimeanna tithíochta a tógadh sa Spidéal le tamall anuas, gur chuir siad leis an méid Béarla atá á labhairt sa Spidéal, mar gur daoine nach raibh cúlra Gaeilge ná Gaeltachta acu a cheannaigh bunáite na dtithe sna scéimeanna sin. Má cheadaítear tuilleadh scéimeanna tithíochta sa Spidéal, tá an chontúirt ann go bhféadfaí scrios a dhéanamh ar an nGaeilge sa gceantar."

"Bíonn gá le nuacht i chuile phobal, saibhríonn daoine nua an pobal, tugann siad scileanna nua agus dearcadh nua chun na háite. Go dtí le déanaí, bhí an pobal s'againn féin in ann teaghlaigh nua a shú isteach sa bpobal ar an leibhéal gairmiúil, sóisialta agus pobail, agus é sin a dhéanamh go fonnmhar. Beidh sé i bhfad níos deacra ag an bpobal an saibhreas teanga agus cultúir atá sa bpobal seo fós a roinnt leis na teaghlaigh agus daoine aonair nua isteach má thagann méadú suntasach tobann ar líon na ndaoine ar Béarla amháin atá acu, ag cur fúthu anseo."

Gaeltachtaí Eile:

Tá daoine i nGaeltachtaí eile ag faire ar Ghaillimh agus an bealach a bhfuil an cheist á réiteach ansin. Beidh go leor ag brath ar na cásanna atá os comhair an Bhord Pleanála faoi láthair. Ceaptar go bhfógrófar taobh istigh de dhá mhí an toradh a bheidh ar na hachomhairc a cuireadh os comhair an Bhord Phleanála, maidir leis an gcoinníoll teanga.

Co. na Mí an t-aon Údarás Pleanála, seachas Co. na Gaillimhe, a thóg seasamh láidir faoin nGaeilge go dtí seo. I nGaeltacht Ráth Cairn ní thugtar cead pleanála d'fhorbairtí a d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar úsáid na Gaeilge sa gceantar.

I nGaeltacht na Rinne tá dochar an-mhór déanta ag scéimeanna tithíochta a tógadh le roinnt bheag blianta anuas ar staid na Gaeilge sa gceantar. Sheas Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta siar agus lig siad do Chomhairle Chontae Phort Láirge na scéimeanna tithíochta a cheadú thar na mblianta agus scrios a dhéanamh ar phobal beag Gaeltachta, a bhí faoi bhrú mór cheana féin.

Tá an rud céanna ag tarlú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá ráiteas tionchar teanga iarrtha ar fhorbróir i mBaile an Fheirtéaraigh, atá ag iarraidh cead 19 teach a dhéanamh. Seo é an chéad uair a hiarradh a leithéid i gCiarraí. Is dul chun cinn beag é sin.

I nDún na nGall tá tús curtha leis an bpróiseas le Plean Forbartha nua a chur le chéile agus is ceist bheo í, ar cheart na coinníollacha teanga céanna a bheith le scéimeanna tithe a thógfar sa Ghaeltacht.

I gCo. Chorcaí agus i gCo. Mhaigh Eo tá pleananna nua i bhfeidhm ach níl mórán airde tugtha iontu do cheist na Gaeilge beag ná mór.

Cás na Breatnaise

Ach an oiread le cás na Gaeilge sa bhFíorghaeltacht, tá brú leanúnach ar an mBreatnais mar theanga pobail, ó dhaoine aonteangach ag lonnnú i mBroydd Cymraeg (na ceantracha ina labhartar Breatnais mar theanga pobail). Tá an eagraíocht nua Cymuned i mbun feachtais le 3 bliana anuas, ag iarraidh an chóilíniú a stopadh nó ar a laghad é a mhoilliú. Uaireanta cuireann siad picéad ar oifig ceantálaithe. Uaireanta eile labhrann siad go deas múinte leis na daoine a bhogann isteach agus tugann siad cuireadh dóibh freastal ar ranganna Breatnaise. Ach níl siad in ann mórán eile a dhéanamh, mar go dtí seo ní féidir sa Bhreatain Bheag úsáid a bhaint as an bpróiséas pleanála, le breathnú níos fabharaí ar iarratas pleanála ó Bhreatnaiseoir.

Ceist Chonspóideach ach Ceist Thábhachtach

Is ceist chonspóideach í seo, ceist na Gaeilge agus coinníollacha teanga. Ar thaobh amháin tá grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta atá imníoch faoi thodhchaí na Gaeilge atá ag iarraidh go mbeadh coinníoll teanga réadúil agus infheidhme á cheangal le cead pleanála. Ar an taobh eile tá Fóram do Phobal Iorras Aithneach in aghaidh coinníollacha teanga ar eagla go gcuirfidís srian le forbairt tithíochta sa gceantar sin agus go bhféadfadh meath teacht ar an bpobal dá bharr. Tá sé ráite ag an iriseoir Máirtín Ó Catháin go bhfuil inmharthanacht a phobail féin á chur i mbaol ag beartais atá ceaptha an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa nGaeltacht. Ní chreidim é sin ach is dearcadh é ar fiú díospóireacht a dhéanamh faoi, féachaint an bhféadfaí teacht ar chomhthuiscint.

Tá imirceoirí ann a bhfuil sé tugtha le tuiscint dóibh nach mbeidh cead acu teacht abhaile de bharr na rialacha seo, rud nach bhfuil fíor. Ach tá siad á úsáid ag lucht díolta talún, le brú a chur ar pholaiteoirí neamhaird a dhéanamh den teanga.

Go luath beidh ar na comhairleoirí a toghadh i Meitheamh seo caite, athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Forbartha an Chontae. Beidh brú ag teacht orthu ó cheantálaithe agus ó thógálaithe agus lucht díolta suíomh - faitíos orthu nach mbeidh dóthain brabaigh á dhéanamh acu, má íslítear praghsanna suíomh. Ach má íslítear, nach rud maith a bheidh ansin do na daoine ón gceantar atá ag iarraidh teach a thógáil sa mbaile, ach nach féidir faoi láthair mar go bhfuil praghas na suíomh ró-ard? Is faoi na polaiteoirí a bheidh sé a shocrú cé is tábhachtaí - saint na rachmasóirí atá ag iarraidh an praghas is airde a fháisceadh as na suíomh atá acu nó cosaint na Gaeilge mar chuid bheo d'oidhreacht Chonamara, d'oidhreacht na Gaillimhe agus d'oidhreacht na hÉireann.

Is léachtóir Matamaitice sa GMIT é Donncha Ó hÉallaithe, a bhfuil taighde déanta aige le blianta beaga anuas ar staid na Gaeilge mar theanga labhartha sna pobail éagsúla Gaeltachta. Tá sé ina Chomhordaitheoir ar an eagraíocht nua "Cosaint na Gaeltachta", a bhfuil sé mar aidhm aige a bheith ag faire ar chúrsaí pleanála sna ceantracha Gaeltachta ina bhfuil Gaeilge fós á labhairt.

Pleanáil agus Teanga i nGaeltacht Chonamara