Skip to main content

Béaloideas

Comhairle don Bhailightheoir, Lth as Lámhscríbhinn 07
Comhairle don Bhailightheoir, Lth as Lámhscríbhinn 07 de Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth.
Leac chuimhneacháin, Carna, Co. na Gaillimhe
Leac chuimhneacháin, Carna, Co. na Gaillimhe

Bhí an spéis i mbéaloideas na hÉireann ag borradh leis ón 19ú haois amach agus faoi na 1920í ba léir go raibh géarghá le pleanáil, polasaithe agus treoirlínte sa limistéar seo. Cuireadh tús leis an obair seo i 1927 nuair a bunaíodh an eagraíocht dheonach An Cumann le Béaloideas Éireann (1927-1930). Tháinig Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-1935) agus An Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971) i gcomharbacht air, an péire acu dá gcistiú ag Rialtas na hÉireann. Ó 1971 i leith tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann lonnaithe i Roinn an Bhéaloidis, UCD. Bhí ról lárnach ag Séamus Ó Duilearga (1899-1980) sa dul chun cinn seo ón tús.

Sa bhliain 1935 thug an eagraíocht úr, An Coimisiún Béaloideasa Éireann, faoi stiúr agus dlús a chur ar bhailiú an bhéaloidis. Mar chuid den sprioc seo, earcaíodh bailitheoirí idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha i ngach cearn den tír. Bhí aithne ag na bailitheoirí seo ar an áit agus ar mhuintir na háite agus mar an gcéanna bhí aithne ag muintir na háite orthusan agus muinín acu astu. Bhí ardmheas ar Sheán Mac Giollarnáth i measc an phobail toisc é a bheith ina bhreitheamh agus d’fhóir sé go seoigh mar sin do ról an bhailitheora. Is léir óna chuid lámhscríbhinní an meas agus cairdeas a bhí idir Mac Giollarnáth agus na scéalaithe a roinn a gcuid eolais leis. Luaitear Tomás Ó Nia i measc scéalaithe seo. B’iad Micilín Mac Donnchadha Roisín na Mainiach, Carna agus Tomás Mac Con Iomaire, Coillín, Carna an bheirt ba mhó a chuidigh leis de réir fhianaise na lámhscríbhinní. Tugann an nóta thall a scríobhann Mac Giollarnáth mar gheall ar Mhicilín spléachadh dúinn ar an gcion a bhí aige ar Mhicilín ach go háirithe.

Leag an Coimisiún treoirlínte síos do na bailitheoirí i Láimh-leabhar Béaloideasa (Ó Súilleabháin, 1937), agus A Handbook of Irish Folklore (Ó Súilleabháin, 1942) lena chinntiú go mbeadh an cur chuige agus na caighdeáin chéanna ag na bailitheoirí ar fad. Tá leaganacha clóscríofa de na treoirlínte as Gaeilge agus as Béarla faoi iamh sna lámhscrbhinní chomh maith le meamram chuig bailitheoirí a chuir ar a súile dóibh cé chomh tábhachtach agus chomh práinneach a bhí an obair a bhí idir lámha acu. Is féidir breathnú ar an meascra ábhair seo ach cliceáil ar na naisc thall. Obair cheannródaíoch a bhí sna treoirlínte seo ó thaobh feabhas na meiteashonraíochta de. Go deimhin bhain MoTIF (Ryan, 2014), leas as an liosta cuimsitheach d’eochairfhocail i lámhleabhar an tSúilleabhánaigh ar na mallaibh agus iad i mbun oibre ar an teasáras píolótach do bhéaloideas na hÉireann.

1930 atá ar an lámhscríbhinn béaloidis is luaithe i mBailiúchán Sheáin Mhic Ghiollarnáth, an bhliain inar cuireadh bailiú agus scaipeadh bhéaloideas na hÉireann ar bhonn institiúideach don chéad uair. Foilsíodh cuid mhaith den ábhar sna lámhscríbhinní seo i bhfoirm leabhar agus alt. Foilsíodh Trí Sgéal ar an Sionnach an chéad alt leis in Béaloideas i 1929. Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) an téacs is clúití ach bhí rath ar théacsanna eile ar nós Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Peadar Chois Fhairrge (1944) freisin. Ó na seachtóidí ar aghaidh chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta na scéalta seo i láthair do phobal úr nuair a chraol siad sleachta léite as roinnt de na foilseacháin seo.