Skip to main content

Gnéithe eile den Bhailiúchán

Seamróg ceithre dhuilleog
Seamróg ceithre dhuilleog, i Mír 32 de Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth.
Íomhá de leathanach ó Lamhscríbhinn 59 de Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth.
Leathanach ó mhír 59 den bhailiúchán. "Bhí Herr Grundeis ina chodladh, agus srannadh beag uaidh." Léaráid i gcomhair Emil agus na Lorgairí (1937).
"Mac na Mná Déirce" - Lth tosaigh
An chéad leathanach de Lámhscríbhinn 14, script den dráma Mac na Mná Déirce (c. 1913).
Íomhá de leathanach ó Lámhscríbhinn 38
Leathanach tógtha ó Lámhscríbhinn 38 den bhailúchán. Is bailiúchán de Shearmóintí le Riocard Paor (c. 1867) atá sa Lámhscríbhinn seo.

Ábhar ar an Dúlra

Ábhar ar an dúlra agus fiadhúlra, ag díriú isteach ar an fharraige ach go háirithe, an dara téama is mó sna lámhscríbhinní. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth saothair iomadúla ar an dúlra idir bhunsaothair agus aistriúcháin, do dhaoine fásta agus do ghasúir. Faightear nótaí ullmhúcháin agus dréachtaí de roinnt de na leabhair seo sna lámhscríbhinní mar aon le foclóirí cuimsitheacha a chuir Mac Giollarnáth le chéile ar éaneolaíocht agus ar fhiadhúlra na mara. Níl an t-eagar céanna ar na lámhscríbhinní faoin dúlra agus atá ar na lámhscríbhinní béaloidis. Níl dátaí orthu, mar shampla, cé gur dóigh, ar fhianaise dhátaí na bhfoilseachán, gur cuireadh le chéile iad idir 1925 agus 1949.

Ábhar Do Ghasúir

D’fhoilsigh Mac Giollarnáth ábhar ar an dúlra do ghasúir ar nós Ríoghacht na nÉan (1935), aistriúchán de Birdland (Pike, 1935) agus Cladach na Fairrge (1947) aistriúchán de The Sea Shore (Kelman & Wood, 1910). D’fhoilsigh sé ficsean do ghasúir freisin, ina measc Fí-Fá-Fúm! (1931), agus Emil agus na Lorgairí (1937), aistriúchán den téacs Gearmáinise Emil und die Detektive (Kästner, 1929). Tá dréachtaí den aistriúchán áirithe seo mar aon lena léaráidí féin i Mír 48 agus Mír 59.

Ábhar Eile

Lámhscríbhinní eisceachtúla iad Mír 14, script don dráma Mac na Mná Déirce (c.1913), agus Mír 38, bailiúchán de shearmóintí le Riocard Paor (1867) (cé nach bhfuil aon bhaint ag an leabhar seo le Seán Mac Giollarnáth). Foilsíodh Mac na Mná Déirce mar leabhar i 1933. Aistriúchán é den dráma Béarla The Shuiler’s Child (O’Kelly, 1909) le Mícheál Mac Ruaidhrí agus ‘Maine’ (ainm cleite Mhic Giollarnáth). Foilsíodh an leagan seo sa gClaidheamh Soluis idir Eanáir agus Aibreán 1913, nuair a bhí Mac Giollarnáth ina eagarthóir. Léiríodh an dráma den chéad uair in Amharclann na Mainistreach ag tús mhí na Bealtaine sa bhliain chéanna. Déanann Ó Siadhail (Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993) cur síos ar an gconspóid a lean léiriú an dráma, conspóid a raibh a bpréamhacha i bpolaitíocht inmheánach Chonradh na Gaeilge seachas sa drámaíocht. Meabhrú é go raibh saol eile ar fad ag Mac Giollarnáth sular tháinig sé go Conamara. Maidir le Mír 38, an bailiúchán searmóintí le Riocard Paor, cé nach bhfuil baint ar bith aige le Seán Mac Giollarnáth, áirítear an lámhscríbhinn mar chuid den bhailiúchán mar sin féin. Scríobhadh an lámhscríbhinn idir 1868 agus 1869. Rinne sí a bealach ó Phort Láirge go dtí an Nua Shéalainn agus uaidh sin go Carna. Bhronn an tSr. Bríd de Búrca, Ord na Trócaire, Aukland, an Nua Shéalainn, an lámhscríbhinn ar an Acadamh i 1997. Tá baint ag Riocard Paor (rugadh c.1797) le hEaglais Naomh Eoin, Port Láirge agus tá lámhscríbhinní eile le Riocard nó Riostard Paor lonnaithe i gColáiste Eoin, Port Láirge agus i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Mhaí, Co. Chorcaigh (féach Ó Fiannachta, P. (1978). Clár Lámhscríbhinní Gaeilge. Leabharlanna na Cléire agus Mionchnuasaigh).

Gnéithe eile den Bhailiúchán