Skip to main content

Na Scéalaithe

Micilín Mac Donnchadha
Grianghraf den scéalaí, Micilín Mac Donnchadha, a chuidigh le Seán Mac Giollarnáth le scéalta agus seanchas a bhailiú.
Scéalaithe Iorras Aithneach
Scéalaithe Iorras Aithneach. Chun tosaigh ó chlé: Micilín Mac Donnchadha, Tomás Mac an Iomaire, Tomás Ó Nia agus Seán Ó Gaora.
Nóta Mhic Giollarnáth faoi Scéal Mhicilín
Leathanach 129 ó Lámhscríbhinn 12 de Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Is nóta é a scríobh Mac Giollarnáth faoi scéal Mhicilín.

Bhí Iorras Aithneach ar maos ariamh i dtraidisiún an bhéaloidis agus ba dhíol práinne é an t-ábhar a bhailiú. D’fhóir Seán Mac Giollarnáth go seoigh do ról an bhailitheora béaloidis. Bhí dlúthbhaint aige leis na heagraíochtaí béaloidis, ach thairis sin bhí aithne aige ar mhuintir na háite agus bhí aithne acusan air agus muinín acu as. Liosta le háireamh iad na scéalaithe a chuidigh leis. Is iad Tomás Mac Con Iomaire, Coillín, Carna agus Micilín Mac Donnchadha, Roisín na Mainiach, Carna an bheirt is mó a luaitear sna lámhscríbhinní. Tá scríbhneoireacht eile seachas scríbhneoireacht Mhic Giollarnáth le sonrú sna lámhscríbhinní. Ainmnítear roinnt scríobhaithe: Pádraig Ó Flaithearta, Seán de hÍde, John Treacy agus Mícheál Ó Tiománaidhe.

Breacann Mac Giollarnáth síos nótaí pearsanta freisin a thugann spléachadh dúinn ar an gcairdeas a bhí aige le daoine eile, agus leis an scéalaí Micilín Mac Donnchadha ach go háirithe. Tá sampla maith den chaidreamh seo le feiceáil sa leathanach deiridh de Mhír 12 den Bhailiúcháin, ina bhfuil luaite:  

"28 mbilleog sgríobhta agam anocht ó Mhicilín tar éis dom a bheith ag cúirt i Leitir Fraig. Tá an ghaoth anoir a bhí againn le deich lá imthighthe agus gaoth chineálta aniar ndeas againn. Tá sé anois tar éis meadhon oidhche agus mé tuirseach ach tá fonn cainnte ar Mhicilín fós. Bhí sé ag druimleoid ar sgéal, adéir sé, agus é dhá innseacht. Bhí cuid mhór den sgéal innsighthe nuair  a dhúisigh sé agus ní raibh cuimhne aige ar an sgéal. Caithfidh  mé anois an cár a thabhairt amach agus Micilín a fhágáil thoir ag ceann an bhóithrín i Roisín na mBan-Aoidheach. Siubhlaidh sé abhaile uaidh sin, suas an bóithrín agus treasna na ngarranta go dtí n-a theaichín i Roisín n a mBan-Aoidheach, ar thaobh Loch Mac Caola. Idir 12 agus a haon a.m. 14.12.1932"