Stair Chonamara agus Árann in Irisí an Phléaráca

Tá stair áitiúil Chonamara agus Árann mar théama leanúnach in Irisí an Phléaráca. Clúdaítear tréimhsí ama chomh fada siar leis an Aois Neoiliteach in Árainn, chomh maith le himeachtaí níos déanaí, ar nós Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 60idí agus na 70idí.

Dírítear ar rudaí ilchineálacha ar nós tiarnaí talún na bhForbacha, filí agus seanchaithe an 18ú haois, agus caithimh aimsire na ndaoine roimh bhunú an Stáit. Tá mórphearsaí stairiúla, ar nós Phádraig Mhic Phiarais, mar ábhar plé, agus tá lorg réimeas na Breataine, cosúil leis an Túr Martello i Ros an Mhíl, agus beairicí an RIC sa gceantar, faoi thrácht freisin.

Is díol spéise chomh maith iad na hailt sin faoin bpobal áitiúil agus mar a mhair siad ó lá go lá, agus ó shéasúr go séasúr. Clúdaítear nithe a bhain le gníomhaíochtaí laethúla an phobail – cúrsaí taistil, tráchtála agus fostaíochta - i mbealach spéisiúil agus oideachasúil. Taispeántar an lorg a d’fhág an modh maireachtála seo ar chultúr agus ar oidhreacht na Gaeltachta – na hiarmhairtí fisiciúla mar atá na céibheanna, na bóithríní agus na garrantaí, na hiarmhairtí cultúrtha ar nós an traidisiúin bádóireachta, agus an tionchar a bhí ag an teanga ar logainmneacha an cheantair.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.