Brionglóid Curtha i gCrích

https://www.cartlann.ie/files/original/9712c763649bcc7341c4a8a75297131c.jpg

Sean-Scoil Ros a’ Mhíl: Ionad Pobail.

Coiste an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sliochtanna as iris ‘Ros a Mhíl Cois Cuain 1975 & 1976’ agus leabhrán as Oscailt Oifigiúil Áras Pobail Chois Cuain 1992.

Is fada na lá caint ar an Ionad Pobail seo, ach tá sé ar fhód an bhaile againn sa deireadh. Is fiú fanacht le rud maith, deirtear. Nach iomaí cruinniú agus diospóireacht, litir agus toscaireacht, bailiú agus iarratas, atá déanta ón gcéad lá ar cuireadh an phlean ar na bocáin!! Agus caitheadh cúpla plean i dtraipisí freisin sul má socraíodh ar an gceann seo.

Anois, ós anseo dhó, is linn leas a bhaint as, ar son an phobail ar fad, idir óg agus aosta. Tóigfaidh sé meáchan mór den Scoil Náisiúnta a bhí dá h-úsáid beagnach gach oíche i rith na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine do Ranganna Rince agus Amhránaíocht Sean-Nóis, Cruinnithe A.A., Cruinnithe Coiste Pobail agus do gach ocáid eile a bhí agus atá ar siúl sa bpobal seo.

Céilithe

Is iomaí "Caidhp" agus "Staicín Eornan" agus "Corr Seisear Déag" a daimsíodh ar láithreán an ionaid seo, ag céilithe croíúla san tsean scoil.

Is iomaí Date a déanadh agus a briseadh. Is iomaí fear óg ar chaill a chroí buille nuair a fuair sé "Rogh na mBan" roimh dheireadh oíche. Agus is iomaí fear agus bean acu sin atá pósta sa gceantar inniu agus gurb iad a gclann a bhéas ag téamh an urláir san Ionad nua seo.

Tháinig meath-rabharta ar chúrsaí céilithe le blianta beaga anuas ach tá an rotha ag casadh aríst. Tá dáir Rinncí Seiteanna tagthaí aríst ar dhaoine, agus tóig m'fhocal air, ní chaithfear an dáir sin nó go mbeidh "An Staicín” dhá dhéanamh aríst ar "Rogha na mBan". A mhac go deo nár dheas é!!

Brionglóid Curtha i gCrích