Colm de Bhailís - File Leitir Mealláin

Dónal Ó Conchún

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ba mhaith liom léargas a thabhairt ar scéalaí, ar stairí ar fhearceirde, ach thar aon ní eile, ar fhile. B'é an Piarsach féin a dúirt, gur rugadh Colm de Bhailís, ar an dara lá de mhí na Bealtaine 1796, i Leitir Mealláin - oileán mara amach ó chósta Chonamara atá anois ceangailte leis an mórthír de bharr cheithre dhroichead a tógadh idir na h-oileáin ag deireadh an chéid seo caite.

File Leitir Mealláin a tugadh air, agus d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge seacht n-amhrán déag leis i 1904, sa leabhar Amhráin Choilm de Bhailís, ach is cinnte go raibh neart eile, nach mbeidh fáil ortha choiche.

D'fhulaing sé anró agus cruatan an tsaoil, ach má d'fhulaing féin is beag trácht a rinne sé air, agus go deimhin is beag a chuir sé as dó, mar bhí sé i bhfoisceacht dhá mhí, de chéad agus deich mbliana a bheith caite aige, nuair a fuair sé bás, ar maidin an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra 1906.

An té go mbeadh sé d'ádh air, a bheith i gcomhluadar Choilm, i gcaitheamh an chéad dhá scór bliain dá shaol, bheadh deis aige Colm a fheiceál ag fosaíocht ba i mBaile na Cille, ag piocadh faochain is ag bailiú feamainne reatha ar chladaigh Leitir Mealláin, sin nó ag iascach ronnach ó charraig i gCuigéal.

Bhí an-suim sna báid aige mar bhí siad timpeall air chuile áit. Ba sáibhéara é ag na saora agus ba saorcloiche é chomh maith.

Bhí neart oibre don té a raibh fonn air, agus nuair a bhí scór bliain caite aige, d'fhág sé an baile agus chuaigh de shiúl cos go Cathair na Mart i gCondae Mhaigh Eo, áit ar chaith sé bliain.

Scathamh ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar cheartlár na tíre – An Tulach Mór, Co. Uibh Fhailí agus chaith sé bliain nó dhó ansin, agus ar aghaidh leis ansin go Cill Rois i gCondae an Chláir. Ag obair le adhmad is mó a bhí sé, agus caithfidh sé gur thaithnigh an ceantar sin agus na daoine go mór leis, mar chaith sé aon bhliain déag ina measc. D'fhill sé ar Leitir Mealláin, agus cé is móite de chorr sheairse a chaith sé ag spailpínteacht ar an Achréidh agus isteach is amach go Gaillimh is go h-Árainn, is beag taisteal a rinne sé ina dhiaidh sin.

Ó Conaill & Rafturaí

Níl aon chuntas ar aon chumadóireacht uaidh - amhráin ná dánta - faoin am seo, agus ní dhearna sé cur síos ina scéalta ar gach a bhfaca sé agus é as baile. Is cinnte go raibh sé i gCo. an Chláir le linn aimsir Dhónaill Uí Chonaill – An Toghachán agus Fuascailt na gCaitiliceach i 1829, nó mar sin, agus dúirt sé féin go bhfaca sé Rafturaí, ag casadh ceoil ar an mBóthar Mór i nGaillimh, bliain nó dhó sara bhfuair Rafturaí bás i 1835, ach ina dhiaidh sin féin, níor thagair sé dóibh ina chuid amhráin.

Is féidir a rá gur tar éis a chuid taistil agus go gairid tar éis dó Siobhán - bean óg ón a bhaile fhéin - a phósadh, is ea chuir Colm tús le cumadóireacht na n-amhrán. Bhí mac amháin acu, Tom, agus níor mhair seisean ach go dtí go raibh sé bliain is fiche. Fuair a bhean Siobhán bás, agus deirtear gur phós sé athuair, agus gur Úna a bhí ar an dara bean.

Ag an am sin, bhíodh Colm ag tógáil tithe in éineacht le fear as Leitir Caladh - An Clochartach , agus ar ámharaí an tsaoil bhí suim aigesan sna hamhráin freisin. Deirtear gur mar gheall ar iad a bheith ag spochadh lena chéile, a chum Colm an t-amhrán Cnoc Leitir Móir, amhrán nach bhfuil foilsithe san leabhar sin Amhráin Choilm de Bhailís, ná in aon áit eile, gurbh fhios dhom. Bhí baint ag an mbeirt acu leis an amhrán Cúirt an tSrutháin Bhuí. Is é sin agus Amhrán an Tae an dá cheann is mó cáil, b'fhéidir.

Chum sé Eibhlín Ní Fhlatharta agus é 106 bliain d'aois, agus b'é freisin a chum Beairtle Dhónaill agus An Seanduine Cam i measc go leor eile.

Nuair a fuair a bhean bás ag deireadh an chéid b'éigin dó Teach na mBocht a thabhairt ar féin i 1901.

Chuir D'arcy a bhí i gceannas Theach na mBocht fear óg darbh ainm Pádraic Ó Donnalláin chun amhráin Choilm a bhreacadh síos. Bhíodh Ó Donnalláin ag scríobh aisti don Chlaidhreamh Solais ag an am, agus b'é an Piarsach eagarthóir an pháipéir. Bhí eolas aigesan ar fhilíocht agus ar amhráin Choilm, agus deirtear gur uaidh Cholm a d'fhoghlaim Pádraic Mac Piarais an t-amhrán beannaithe Caoineadh na dTrí Muire.

Teach na mBocht

Thug an Piarsach cuairt ar Uachtar Ard agus d'iarr ar Ó Donnalláin alt a scríobh san gClaidheamh Solais ar dhroch-bhail Choilm. An mhí dár gcionn, bhí achainí ón bPiarsach chuig léitheoirí an pháipéir ar eagrán 13 Meitheamh 1903 theacht i gcabhair ar Cholm a'Bhailís agus go raibh ciste curtha ar bun chun Colm a thabhairt amach as Teach na mBocht. Bailíodh airgead agus d'fhág Colm Teach na mBocht ar ar an gcéad lá de Lúnasa 1903. Chaith sé dhá bhliain in Uachtar Ard le duine muinteartha, ach theip ar a shláinte. Tugadh go dti an oispidéal i dTeach na mBocht é, agus rinne an Piarsach cinnte go gcaithfí go maith leis. Fuair sé bás ar an 27 Feabhra 1906. Tar éis Aifreann na Marbh in Uachtar Ard, cuireadh i reilig Cill Chuimín é.

San amhrán Cúirt an tSrutháin Bhuí tá Colm ag tabhairt an-mholadh go deo don áras seo atá aige. Séard a bhí ann i ndairíre, ná púirín nó sciobóilín beag a thóg Colm mar fhoscadh dhó féin agus don Chlochartach sa Sruthán Buí, in aice le Leitir Caladh. Tá tóir chomh mór céanna anois, ar an amhrán sin, is a bhí nuair a cumadh é os cionn céad bliain ó shin.

Amhrán an Tae

Cineál eile ar fad atá in Amhrán anTae. Agallamh beirte nó díospóireacht atá ann idir fear agus bean, agus iad ag déanamh an-sciolladh go deo ar a chéile, agus is cinnte nach bhfuil sa tae ach leithscéal lena chéile a ionsaí, agus dá fhaid agus a dtéann an t-amhrán ar aghaidh, sea is fíochmhaire a bhíonn siad in aghaidh a chéile.

Séard atá san amhrán Eibhlín Ní Fhlatharta, ná amhrán grá ag moladh na mná seo - Eibhlín, agus cé nach bhfuil an cháil chéanna ar an amhrán seo, is atá ar amhrán eile de chuid Choilm, ina dhiaidh sin is uile, is féidir an cumas íontach sin a bhi ag Colm, amhrán grá a chumadh, a thabhairt faoi deara san amhrán faoi leith seo.

Is deacair a rá, an raibh baint ag an droch-bhail a bhí ar Cholm ag an am seo, leis an gcaoi ar mhol sé Eibhín. Na h-amhráin grá eile a chum sé, Brídín, Bríd Ní Fhlatharta agus An Bhruinneal Deas, ba faoin mbean céanna a bhíodar, agus deirtear go raibh fonn air í a phósadh, ach ní dóigh go raibh an fonn sin air, i gcás Eibhlín.

Maidir leis an amhrán Beairtlín Dhónaill, chum Colm an t-amhrán seo ag cáineadh Bheairtlín Dhónaill, mar gur ghoid sé cúpla ualach feamainne reatha uaidh. Is cosúil go raibh an-olc ar Cholm agus ní h-iontas ar bith é, mar chaith Colm roinnt laetheannta dhá bhailiú agus dhá thabhairt le chéile, agus ansin tháinig Beairtlín i rith na h-oíche agus ghoid sé uilig uaidh é.

Anois san amhrán An Seanduine Cam tá agallamh beirte eile againn, cosúil le Amhrán an Tae agus tá sé spéisiúl gurb iad seo an dá amhrán de chuid Choilm a'Bhailis a roghnaigh Eibhlín Bean mhic Choisdealbha agus i ag cur Amhran Mhuigh Seola i dtoll a chéile i 1923. Agus nuair a chuimnítear gur ó bhean óg i gCeantar Thuama - Bridget Forde – a thóg sí an ceol agus na focla, chomh maith le leabhar Choilm, is cínnte go raibh an dá amhran seo le cloisteáil i bhfad is i ngearr agus i gcuid mhaith de Chondae na Gaillimhe.

An Seanduine Cam

Ins an agallamh beirte An Seanduine Cam, tá cailín óg atá pósta le seanduine, agus í ag tabhairt faoi, agus eisean, ag tabhairt ais fhreagraí uirthi, chomh tréan in Éirinn, is tá sé in ann.

Ach i ndeireadh na dála, is féidir a rá faoi Choilm a Bhailis, agus faoina chuid cumadóireachta - chonaic sé an saol - trí chéad dhi, agus arnó, faoi cheann trí bliana, beidh muid ag comóradh 200 bliain ó rugadh é.

https://www.cartlann.ie/files/original/8b54988e5f741873f023b1389771d715.jpg

Cuid den slua a bhailigh i dTigh Phluincéid, Leitir Móir, le haghaidh Comóradh Choilm de Bhailís, anuraidh [1992].