Ionad Pobail Chill Chiaráin

https://www.cartlann.ie/files/original/e472b73d675cbddd49a351afbe272a5b.jpg

Ionad Pobail Chill Chiaráin.

Jackie Mac Donncha

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2011. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ar an 23ú lá de Lúnasa 1987 a osclaíodh an tlonad. Is iomaí duine atá imithe tríd an áit le ceithre bliana fichead. Is iomaí ócáid a bhí ar siúl ann.

Taobh amuigh den Choláiste Gaeilge, bhí Muintearas ar an gcéad eagraíocht a chur togra ar bun ann. Bhíodar ag cur oiliúint ar ghasúir a raibh an scoil fágtha go luath acu.

Chuir Áras Mháirtín Uí Chadhain cúrsa fada ar bun ann, agus sa mbliain 1994, bhí an áit seo ar an gcéad áit sa Ghaeltacht inár eagraigh Coláiste na hOllscoile Gaillimh searmanas bronnta teastas. Agus chomh maith leis sin ba as an bparóiste seo na daoine a fuair na teastais.

Bíonn V.T.O.S. ann, agus an V.E.C. agus is iontach an rud eagraíochtaí mar seo a bheith ag úsáid an Ionaid.

Sa bhliain 1999, eagraíodh bailiúchán mór millteach anseo chun bia agus éadach a chur go Cosobhó. Bhí an tlonad lán go béal le málaí agus boscaí. Ba é Peadar Phat Mór a thiomáin an leoraí go Cosobhó.

Is minic a gearradh seolta bád ar an urlár san halla mór. Bhí aisteoirí agus drámaí mór le rá anseo ar feadh na mblianta. Bhí Amharclann na Mainistreach ann le Cré na Cille, agus bhí orainn daoine a chur ó dhoras.

Bhí Saor Aisteoirí Chonamara ann agus nuair a bhí an teach lán, ní raibh fonn ar aon duine imeacht ó dhoras. Scaoileadh in airde an staighre iad agus chonaic siad an dráma trí fhuinneog bheag thuas. Bíonn Pléaráca ag cur ranganna agus ceardlainn ar siúl anseo ó thús na 90dí, agus bhí a gcuid Geamaireachtaí ar fad ar ardán anseo. Tugann sé an-sásamh go mbíonn scoileanna an cheantair ag úsáid an Ionaid i gcomhair a gcuid imeachtaí féin.

Is ionad oideachais é seo chomh maith le rudar bith eile.

Tá athchóiriú iomlán déanta le cúpla mí anuas ar an Ionad. Bhí an t-ádh dearg orainn go bhfuair muid maoiniú ag an am, chun tabhairt faoin obair mhór a bhí le déanamh. Tá buíochas ag dul don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta as maoiniú a chur ar fáil, freisin do Choláiste Sheosaimh a chur sciar maith airgid ar fáil don athchóiriú, agus ár ndóigh do na daoine a rinne an obair ar fad. Tá bord stiúrtha ina bhun, agus go n-éirí leo.