Leitir Mealláin

John Bhaba Jeaic Ó Confhaola

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2008. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá Leitir Mealláin suite siar ó Gharumna. Ceantar cósta atá an-fhiáin ar a bhfuil go leor oileáin. Tá an talamh bocht ach bhí neart saothrú le baint i gcónaí as an bhfarraige. Sé Foirnis agus an Chrapach na h-oileáin is mó. Daighnis, Inis Oirc, Fraoch Oileán Beag agus Fraoch Oileán Mór, Ceann Golaim agus Oileán Chaisín. Tá sé nó seacht de oileáin bheaga thimpeall an cheantair. Bhíodh go leor smugleáil ar siúl ann fadó. Ceantar mór poitín, iascaireacht agus déanamh ceilpe an tslí mhaireachtála a bhí ag na daoine, bhí neart sliogéisc freisin le fáil sna cuanta. Púcáin agus báid iomra is mó a bhíodh sa gceantar le haghaidh baint fheamainne i gcomhar leasú fataí.

Tús ama:

Tosaíonn stair Leitir Mealláin i 1574 le 'Ochaghy' (O Flátharta).

Moragh Mac Aodh

Tá cáipéisí ann a léiríonn go raibh Morogh Mac Aodh ina chonaí sa gceantar i 1584. Thóg sé Caisleán ann, ó dheas do Reilig Chúigéil. Ceaptar gur maraíodh i gCath Chionn tSáile é agus gur ag nia leis a fágadh an caisleán atá leagtha ó shoin.

Tower Cheann Golaim

Tógadh Tower Cheann Golaim in 1804 ar Oileán Gholaim, Martello Tower. Sé Rear Admiral Whitshed Flagannon a leag amach an phlean le haghaidh é a thógáil. Sé bliana a thóg sé orthu an tower atá trí stóir ar airde a thógáil ar chostas £540. Bhí na túir seo tógtha timpeall an chósta mar a raibh feiceáil ar aon chontúirt a bheadh ag teacht ón bhfarraige agus bhí córas acu leis seo a chur in iúl dá chéile. Dá bhfeicidís aon bhád ag teacht chrochaidís bratach mór bán, mar a bheadh seol ann, d'fheicfeadh an tower eile a bhí i nÁrainn an bratach agus chrochadís sin bratach go mbeadh a fios ag muintir Co. an Chláir go raibh an naimhaid ag teacht.

Sloinnte

Léirigh suirbhé a déanadh i Leitir Mealláin in 1829 gur Audley, Bairéad, Ó Flatharta, Mac Donncha, Peircín, Ó Tuathail agus Breathnach na sloinnte a bhí in san gceantar. Ba é Nioclás Ó Loingsigh an Tiarna Talún ag an am.

https://www.cartlann.ie/files/original/5abde8a72f68bc57e0a702b6c3753293.jpg

Daonra Leitir Mealláin.

Henry Commerford

In 1840 tháinig Henry Commerford go Leitir Mealláin mar Thiarna Talún, ar Leitir Mealláin agus ar na h-oileáin timpeall. Ba fear mór gnó a bhí ann i nGaillimh agus freisin i Leitir Mealláin.

Cheannaigh Henry Commerforf an Brig St. John le airgead a a bheith ag rith paisinéirí agus ag tabhairt tae, siúrca, tanac agus gach ní a theastaigh le haghaidh siopaí i Leitir Mealláin i nGaillimh ar ais.

An Brig St. John

Ar an 5 Meán Fómhair 1849, d’fhág an Brig St. John Gaillimh le aghaidh a thabhairt go Meiriceá. Thóg sí daoine i Leitir Mealláin ar an mbealach. Bhí 166 duine ar bord ach chríochnaigh an turas go tubáisteach. Chuaigh an Brig St. John ar na carraigeacha amach ó chósta Chohassat ar an 7 Deireadh Fómhair 1849. Dhá dhuine is fiche a tháinig slán asti. Bhí cur síos sna páipéir áitiúla ar an tragóid, san Galway Observer agus sa Freeman’s Journal. Tá tuairiscí faoin tragóid freisin ag lucht an árachais Lloyds i Londain.

Rankine

Bhí fear cáiliúil ag fanacht i mBaile na Cille, Rankine a bhí air, agus is ag múineadh ceird na hiascaireachta do mhuintir an cheantair a bhíodh sé. Rankine’s Pass a bhí air an áit a bhfuil droichead Chuigéil anois. Tá Cora Rankine ó thuaidh do Óst na hOileán. Ba aige a bhí an tÓstán The Hotel of the Isles, Óst na nÓileán anois. Bhí trí Bhrig ag Rankine agus bhíodh sé ag tarraingt daoine go Meiriceá agus go Ceanada. An Wellington, an Midas agus an Victoria an t-ainm a bhí ar na trí bhád. Thug an Wellington an chéad turas go St. John's i New Foundland i 1846 agus ba é an Captaen Carry an captaen a bhí uirthi. Thug an Victoria turas go St. John's i 1846 faoi stiúir an Chaptaen Price agus an Midas i 1847 faoi an gCaptaen Stitt.

https://www.cartlann.ie/files/original/5a9d602e94fe471af69e70d8f400ef86.jpg

Jack Cluanáin, Maitias Bairéad agus a mhac Mark agus a iníon Catherine. (Fuair Mark Barrett bás i mí Aibreán na bliana seo. Go ndéanamh Dia trócaire air.). Pic le John Bhaba Jeaic.

https://www.cartlann.ie/files/original/1948984b1c1bc766918ee682dc0f005c.jpg

Bidín a’ Chlochartaigh nó Delia Cloherty – file agus amhránaí. Pic le John Bhaba Jeaic.

Máirtín Mór Mac Donncha

Tháinig Máirtín Mac Donncha as an Talamh Bán go Oileán an Chrapaigh i 1855. Phós mac leis, Réamonn (Réamonn Mhór) Kitty Ó Flatharta. Bhí mac acu ina shagart, an tAthair Réamonn Mac Donncha a rugadh i 1841 agus a fuair bás i 1914 in Uachtar Ard. Bhí mac ag Mary Mac Donncha (deirfiúir do Réamonn Mór) as an gCrapach agus Michael Commerford, an tAthair Isaac a rugadh i 1859 agus a fuair bás i 1886. Tá sé curtha thíos in lnis Stiomáin. Bhí deirfiúir ag an Athair Isaac, Kate. Phós sí Tom Conroy as Rosmuc, athair an scríbhneoir cáiliúil Sean-Phádraig Ó Conaire.

An tAth. Marcus Ó Conaire

ln 1884, tháinig an tAth. Marcus Ó Conaire go Leitir Mealláin. Rugadh an tAth. Marcus i Rosmuc i 1858. Ba chuide de Chonroy's an tsiopa é. Bhí ar Séipeal agus Scoil nua a thógáil i Leitir Mealláin agus teach do mhuinteoir scoile. Bhí airgead an-ghann ag an am. Thóg sé an Séipeal i 1887 agus an scoil ag an am céanna. Cuireann an tAthair Marcus síos ina a chuid scríbhíní ar bád a tháinig go Cuan Chaisín, an Valarie a bhí uirthi, le haghaidh fóraint a dhéanamh ar mhuintir na háite. Bhí an Duke of Edinburgh ar bord a deirtear agus thug sé éadach agus bia do mhuintir na háite.

An Julia

I 1886 bhuail an Julia, bád a bhí lochtaithe le adhmad, carraig ag Tower Ceann Golaim. Tháinig báid as chuile áit ag tabhairt leo an adhmaid, ach bhí an mí-ádh orthu. Bhí an Garda Cósta ag tabhairt aire don bhád agus thosaigh said ag caitheamh urchair. Caitheadh fear as an Aird agus goineadh fear as an Oileán Maiseán agus fuair sé bás sul má shroich sé baile. Bhí bád seoil a d'fhág fear ina diaidh. Bhí an fear ag saigh amach sail adhmaid nuair a thosaigh urchair á gcaitheamh. Ní raibh ag an dream sa mbád ach an bád a chuir chun seoil agus imeacht leo. Tháinig siad á dtoraíocht lá arna mháireach agus fuair siad ina bheatha é fós ar an tsail, siar ag Carraig a' Meacain.

Colm Trayers

Bhí Colm Trayers ag tógáil Nobbies i gCúigéil. Thóg sé cheithre nobby ann ó 1886 go dtí 1902 - St. Festus (1899), St. Columcille (1899), St. Ronan (1901) agus an Lettermore (1902).

Nobbies

Bhí nobby eile in Inis Oirc ag Joe Mhaitias Ó Flatharta, an Brigid Head. Fuair sé í i 1923 agus bhí ceann sa Trá Bháin ag Na Ceallaigh - An Naomh Ríocht. Ach an Nobby deireanach a bhí i gceantar na hOileán, ba ag Máirtín Bhearthlín Ó Conghaile as an Teach Mór agus a mhac Peaitín a bhí sí - An Colmcille. Bhí sé ag tarraingt stuif aimsir an Dara Cogadh Domhanda ag na siopaí áitiúla, agus ag Monica Beag i dTír an Fhia. Thit sí i Leitir Mealláin ag tús na 50aidí.

Báid eile

Bhíodh bád ag teacht go Cuan lnis Oirc, an Alice Swifter ag tógáil gliomaigh. Ba le Scallán as Baile Uí Bheachain í. Bhí Bearthla Gill ina Chaptean uirthi agus bhí John Dirane, Stiofán Stephen agus Micheál Ó Cualáin inti freisin. Bád 50 troigh, bhí seolta agus inneall inti. Bhíodh sí ag teacht sna 40aidí agus 50aidí.

Salt House

Bhí teach salainn san áit a bhfuil Teach an Phosta anois le haghaidh iasc a shaille, Tí Khate Keane. Tá tagairt dó san amhrán Peigín Audley.

https://www.cartlann.ie/files/original/357f844c255a4dc2530c9991ac84c6ea.jpg

Peaitín Sheáin Mac Donncha, Máire John Uí Chualáin, Baba Seoige (Bean Pheaitín Sheáin), Péige John Mhaoile, Sonaí Joe Audley, Pat Sheáin Ainde. Pic: John Bhaba Jeaic.

https://www.cartlann.ie/files/original/d072a7ef9e88d9d7476a644a1eef4aab.jpg

Pat Sheáin Ainde Mac Donncha. Pic: John Bhaba Jeaic.

Droichead Leitir Mealláin & Gharumna

Tógadh droichead idir Leitir Mealláin agus Garumna i 1903 ar chostas £130. Chosnaigh sé £3,585 na bóithre agus na droichid eile a dhéanamh isteach go ceantar Leitir Mealláin.

An Daingean

£415 a chosain Droichead an Daingin lena thógáil.

Ruairí Mac Easmuinn 1910 – 1916

Rinne Ruairí Mac Easmuinn obair mhóir ar son Cheantar na n-Oileán. Thug sé na meáin siar le haghaidh an bhochtanais a thaispeáint dóibh. Bhreathnaigh sé amach do na gasúir scoile agus bhailigh sé airgead don dream bocht i gCeantar na n-Oileáin. Bhíodh sé ag fanacht i nOstán na nOileáin.

An Chéad Chogadh Domhanda

Bhí go leor fir as Leitir Mealláin ag troid sa gcéad Chogadh Domhanda, Jack Cluanáinn, Colm Cluanáinn, Máirtín Ó Direáin, Michael Pheadair Ó Laoi. Colm agus Máirtín Ó Bearra. Tá Colm Ó Bearra curtha i dTeampall Cuimhneacháin i Somme na Fraince. Fuair sé bás ar an 3 Meán Fomhair 1916, le linn dó a bheith ag troid i Guillemont na Fraince. Maríodh fear eile Colm Ó Flatharta as Daighinis ar an 11 Samhain 1917, aois 33 bliain, tá sé curtha i Portsmouth i Sasana.

Scríbhneoirí

Ar na scríbhneoirí a tháinig as an gceantar, bhí Peadar Ó Direáin a scríobh na leabhair Scéalta na n-Oileán agus scéalta Leitir Mealláin. Tá lear mór leabhair foilsithe ag Colm Ó Ceallaigh. Tá cáil mhór bainte amach ag Antaine Ó Flatharta mar scríbhneoir. Scríobh Pádraig Mac Donncha agus Pádraig de Bháldraithe leabhra freisin. Tá cáil domhanda agus gradam Oscar bainte amach ag Martin McDonagh lena chuid drámaí. Ba as Leitir Mealláin muintir Mhartin agus chaith sé fhéin píosaí móra i Leitir Mealláin nuair a bhí sé ina ghasúr.

Filí

Bhí fili maith sa gceantar freisin; Colm de Bhailís, Baba Seoighe, Bidín a’ Chlochartaigh, Nan Seoighe as an gCnoc, Páidín Bheartla Val as Pol Uí Mhuirín.

Lucht Leidhis

Bhí fear deasú cnámha a raibh cáil mhór air, Máirt Mhicil Phatch Ó Mochán agus a dheartháir Seán. Thagadh daoine as chuile áit in Éirinn go dtí é le haghaigh leigheas, bhí sé thar barr. Bhí Josie Bheathlín Joe Ó hEidhin ón gCnoc ag tógáil cléithín.

Báthadh 1938

I mí Lúnasa 1938 bádhadh triúr fear as Árainn a bhí tar éis a theacht as Cruach Phádraig. D’fhág said Leitir Mealláin ag a sé a chlog ar maidin. Ní raibh said mile amach as Leitir Mealláin nuair a báthadh an bád. Bhí máistir scoile, Micheal J. Flannagan, príomhoide Scoil Eoghnachta in Árainn, Séamus Ó Flaithearta agus John Ó Direáin ar bord. Bhí leath chéad punt le fáil duine a gheobhaidh corp an mháistir a fháil, ach ní bhfuair ná aon duine acu riamh.

Monarcha Cníotála

Bhíodh monarcha cniotála i mBaile na Cille sna 40aidí. Chuaigh sé tré thine agus níor aththógadh é ina dhiaidh sin.

An Watch House

Tógadh an Watch House i gCaladh Ghólaim sna 40aidí le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is ann a bhí an chéad fón i gceantar na n-Oileán.