Tús le obair atógála Scoil Sailearna

https://www.cartlann.ie/files/original/4e0e5bbfce9a0745c6b1f95abfb6ba6a.jpg

Coiste Eagarthóireacht an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Le cúpla mí anuas tá tús curtha le hobair atógála ar sheanscoil Shailearna sna hAille in lndreabhán. Comharchumann Shailearna atá i mbun na hoibre. Tá sé i gceist ag an gComharchumann lonad Pobail agus lonad Oidhreachta, a chur ar fáil ann do mhuintir Chois Fharraige.

Beidh Oifig an Chomharchumainn á lonnú san áit chomh maith le háiseanna eile nuair a chríochnófar an obair ar an suíomh i gceann dhá bhliain eile.

"Beidh seomra nua ann le haghaidh cruinnithe an Chomharchumainn agus cruinnithe eile, rud nach mbíonn ar fáil i rith an tsamhraidh de bharr na gcoláistí samhraidh a bheith ag úsáid na gcoláistí'', dúirt Breandán Ó Tuairisg, maor na hoibre, linn. "Tógfar seomraí freisin a mbeidh daoine in ann dramaí agus píosa cleachtaidh a dhéanamh iontu".

"Níl aon halla feiliúnach faoi láthair ag an bpobal le haghaidh drámaí i gCois Fharraige, nó áit a bheadh daoine ag iarraidh teacht le chéile", a deir Breandán. "Tá súil againn go mbeidh an foirgneamh seo mar áis ag an bpobal, agus go ndéanfaidh sé freastal ar mhuintir na háite, idir seandaoine agus óg, nuair atá sé críochnaithe."

Ceann de na sonraí is suimiúla faoin obair atá ar bun ar sheanscoil Sailearna, ná go bhfuil go leor de na sean bhallaí á gcoinneáil sa bhfoirgnimh nua.

"Táimid ag obair ar sheanbhallaí na scoile anois, á n-ardú go dtí an leibhéal atá ag teastáil" a deir sé, "agus beidh an foirgneamh laistigh de na seanballaí".

Thug Roinn na Gaeltachta deontas le haghaidh an fhoirgnimh agus tá Comharchumann Sailearna tar éis méid áirithe airgid a chur isteach ann chomh maith.

Tuigtear go gcosnóidh an obair thart air £200,000 thar thréimhse dhá bhliain.

https://www.cartlann.ie/files/original/eb60bdb5fc9c5ba04d322fd80bf87224.jpg

Foireann Oibre Scoil Shailearna: Breandán Ó Tuairisg (An Maor Oibre), Pádraig Ó Cadhain (Na Minna), Micheál Ó Griofa (Baile na hAbhann), John Ó Conghaile (An Tulach) agus Rónán Ó Gríofa (Baile na hAbhann). pic: Bob Quinn