An ‘Royal Mail-Car’

Dónal Ó Colchún

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is iomaí duine a fuair marcaíocht ar charr a'phosta, nó ar an Mail, sna tríochadaí nó sna ceathrachadaí. B'fhéidir nach raibh an bus ag dul an bealach, nó, má bhí fhéin, nach raibh an t-am feiliúnach, agus ar ndó, ní mórán carr a bhí ar na bóithre ag an am.

Ach, ar an gcéad lá de Mhárta, 1888, fógraíodh go mbeadh carr pósta nó mar tugadh air ag an am - The Galway-Spiddal-Carraroe Royal Mail Car, le h-aghaidh post, paisinéaraí agus parcels a thabhairt gach lá, ó Ghaillimh ag tosaí breá luath ar maidin, agus ag tarraingt isteach sa Spidéal ag fiche nóiméad tar éis a h-ocht. Trí h-uaire a' chloig ina dhiaidh sin, ag fiche nóiméad tar éis a h-aon déag, sea bhí sé in ainms a bheith ar an gCeathrú Rua, agus is cinnte gur tuirseach traochta a bhí aon duine a rinne an turas sin. Trí h-uaire a chloig taistil as an Spidéal, agus is maith craite a bhí na paisinéaraí, nuair a bhí ceann scríbe bainte amach acu.

B'iad Muintir Uí Chonchúir, as William St. West i nGaillimh, a bhí ag cur na seirbhíse taistil seo ar fáil, agus ba é Cornelius O'Connor, é féin, a bhí i gceannas air. Ba ag an áit faoi leith seo freisin is ea a chuir tú tús leis an turas, agus nuair a cuireadh tús leis an t-seirbhís seo in 1888, bhíodar ag baint amach trí scilleacha ó Ghaillimh go'n Cheathrú Rua, scilling agus pingin ó Ghaillimh go'n Spidéal, agus scilling agus sé phingin ó'n Spidéal go'n Cheathrú Rua.

Bhí an Mail-Car, ag fágáil na Ceathrún Ruaidh, gach tráthnóna ag a ceathair a'chlog. Bhí sé sa Spidéal ag a sé, agus i nGaillimh, ag a h-ocht.

Turas cheithre uaire a' chloig, agus chomh maith leis sin, bhí sé i bhfad níos saoire dhul go Gaillimh ná teacht as. Leath-choróin a bhí sé, dhul isteach, meastú ar ó'n am sin, a tháinig an leagan cainte - "Tá sé éasca 'dhul go Gaillimh, ach tá sé deacair tíocht as?".

Is deacair a rá ar mar gheall ar go raibh an Royal Mail Car ag déanamh go maith, nó go dona, ach tar éis chúig bhliana laghdaíodh an costas taistil, agus bhí deis dhul ó'n gCeathrú Rua go Gaillimh ar dhá scilling, agus scilling ó'n gCeathrú Rua go'n Spidéal agus scilling eile as sin go Gailllimh.

B'fhéidir go ndéarfá leat fhéin, nach fiú mórán dhá scilling, nó deich bpighne, in airgead na linne seo, ach ar an dá scilling sin, bhí tú in ann an páipéar nuacht a cheannacht gach lá ar feadh seachtaine. Chosnódh na páipéir ós cionn sé phunt anois, ar feadh na seachtaine, mar sin ní chuile lá a bheadh tú ag dul ar an Mail.

Is minic a shiúil daoine ó cheantar na Ceathrún Rua go Gaillimh chuig an margadh maidin Dé Sathairn, agus im agus uibheacha ar iompar acu, nó ag iarraidh rudaí faoi leith, nach raibh le fáil sa gceantar - leitheidí góil i gcóir an phoitín, agus ar ndó shiúileadh na spailpíní isteach go Gaillimh ag deireadh an t-Samhraidh. Bhí buntáiste beag acusan, mar d'fhágadh gleoiteog trasna Chuan Chasla iad, agus níor airigh siad an scór míle isteach.

Maidir leis an Royal Mail, ní mór cuimhniú gur thug sé an posta leis gach maidin, aon phaisinéara agus na beartáin agus cé go mbíodh droch-bhail ar na bóithre, mar sin fhéin nuair a bhí géarghá leis, ba mhaith ann é.

Ar ndó, ba caiple a bhí i gceist agus bhí foireann de sé nó h-ocht gcinn de chaiple faoi réir, leis an turas a dhéanamh. Tugadh an-aire go deo do na caiple céanna, agus tugadh togha na beatha dhóibh mar is orthu san dáirire, a bhí an scéim ag brath. Nuair a bhí an turas déanta do'n Cheathrú Rua, bhí malairt capaill ansin, agus scíth ag an gcapall a tháinig as an Spidéal, go dtí an lá dár gcionn. Ar fhaitíos na bhfaitíos, bhí capall le cois sa Spidéal agus cupla ceann i nGaillimh, agus ní raibh lá, nár tháinig an Mail.

Nuair a cuireadh tús leis an Galway-Spiddal-Carraroe Royal Mail-Car céad agus a sé bliain ó shin, ní h-é an oiread sin daoine a bhíodh ag taisteal, agus is cinnte nach é an oiread sin litreacha a bhíodh le tabhairt ó áit go h-áit.

Nuair a bhíodh daoine ag tíocht gan choinne, nó daoine ag tíocht de'n chéad uair, ní raibh aon bhealach eile le dhul siar as Gaillimh, ach amháin turas farraige, agus níor mhór aithne bheith agat ar na bádóirí le n-aghaidh sin. Bhí an traein go'n Clochán in 1895, ach is mó a d'fheil sé sin do Thuaisceart Chonamara, agus é ag stopadh ag an Teach Dóite agus Sraith Salach.

Is cinnte, gur airgead is mó a bhí sna litreacha, a tháinig an bealach seo, os cionn céad bliain ó shin agus nach rompu a bhí an fáilte. Bhí duine nó beirt as chuile theach bailithe go Meiriceá, agus bhí an dream sa mbaile ag fanacht le deis 'fháil dhul anonn chomh luath in Éirinn is thiocfadh na dollars. Agus ní raibh aon mhoill, mar ní túisce ag obair an dream thall ná bhí na litreacha ag tíocht go tréan. Aimsir na Nollag, bhí na beartáin mhóra ag tíocht - éadach de chuile chineál agus cár fhága tú bréagáin do na gasúir. Nach iomaí babóg mhór a tháinig as Meiriceá - na súile ag oscailt 's ag dúnadh- ach an t-srón briste uirthi, sar a dtáinig sí an bealach seo.

Ach, mar gheall ar an slám mór beartáin faoi Nollaig, bhí sé fíor-dheacair iad a thabhairt slán, ach mar sin fhéin, b'iontach go deo an t-seirbhís a thug an Galway-Spiddal-Carraroe Royal Mail-Car.