Cúrsaí Sláinte ar Inis Meáin

Finuala Ní Loinsigh Uí Fhátharta

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2009. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá dul chun cinn iontach déanta maidir le cúrsaí sláinte ar an oileán ón uair a ceapadh an bhanaltra Hedderman mar bhanaltra ceantair ar an dá oileán, Inis Meáin agus Inis Oírr in 1903. Is dócha gurbh í seo an chéad altra a ceapadh ar na hoileáin agus deirtear sa leabhar a scríobh sí féin faoin am a chuaigh sí amach ar na hoileáin gur thaobhaigh sí an post nua le spiorad an crasaidí. Mhothaigh sí go bhfuair na hOileánaigh an-deacair é glacadh léi.

Ní chuireann sí mórán eolais ar fáil fúithi féin go pearsanta agus níl sé soiléir cén t-oileán a raibh cónaí uirthi. Insíonn sí gur chaith sí roinnt ama ar an dá oileán. Sa leabhar déanann sí tagairt do ghlaoch a chur sí ar dhochtúir i gcás práinne ach ní dheireann sí gur ón mórthír nó ó Inis Mór a tháinig sé. Scríobhann sí faoi na hócáidí is contúirtí a tharla di féin agus de chriú na curaí agus iad ag taisteal idir an dá oileán le freastal ar ghlaonna práinneacha oícheanta geimhrí. B'iad na curacha an t-aon modh taistil idir na hoileáin an uair sin. Cuireann sí síos go cruinn ar an bhfanacht a bhí acu le ham le dul amach agus le theacht i dtír. Ní raibh ann ach an trá nó an slip le theacht i dtír air.

Ag an am sin bhí na daoine aineolach i dtaobh sláinte an duine agus chreid said i leigheas baile agus piseoga. Rinne sé seo obair an altra níos deacra mar ní chuirtí fios uirthi go dteipeadh ar an leigheas baile nó go mbíodh an duine ar leaba an bháis.

Thar na mblianta tháinig feabhas ar an gcóras sláinte agus ar oideachas na ndaoine. Bhí dul chun cinn mór déanta i dtaobh seirbhísí sláinte ar an oileán nuair a ceapadh mise mar Altra Sláinte Poiblí breis is scór bliain ó shin. Bhí altra lánaimseartha lonnaithe ar an oileán agus bhí seirbhís dochtúra ar fáil lá sa gcoicís. An t-aon ní don tseansaol a chleacht mise mar altra nuair a thosaigh mé ag obair anseo ná usáid a bhaint as curach. Cé go raibh céibh na Córa tógtha, bhí amanna ann nach raibh an bád tarrthála in ann a theacht le céibh mar go mbíodh an taoide amuigh. Is iomaí uair a bhí orm dul amach i gcurach ag an slip leis an duine tinn a thabhairt go dtí an bád tarrthála. Á mbeadh an oíche gránna agus bogadh sa bhfarraige chaithfeadh criú na curaí fanacht le ham, cosúil leis an gcur síos a bhí ag an mbanaltra Hedderman ina leabhar faoi na cuid eachtraí féin, sula n-iomráidís amach go dtí an bád tarrthála. Le taobh an bháid tarrthála tharraingeofaí suas mé féin agus an t-othar ón gcurach isteach sa bhád. Théinn go Ros a Mhíl leis an othar ansin áit a mbíodh an t-otharcharr ag fanacht chun an duine á thabhairt chun an ospidéil. Cuireadh síneadh agus doimhniú le céibh na Córa agus ní gá do na curacha dul amach ag an mbád tarrthála níos mó. Tá eitleán agus héileacaptar ar fáil anois.

Chomh maith le hinfrastruchtúr an oileáin a bheith feabhsaithe, cuireadh seirbhísí sláinte eile ar fáil. Tá seirbhísí altra curtha ar fáil fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine; meadaíodh seirbhísí an dochtúra teaghlaigh go dtí trí mhaidin in aghaidh na seachtaine. Tagann na seirbhísí eile go rialta chun an oileáin…mar shampla…

Coslia, fisiteirpe, radhacreolaí agus seirbhísí eile de réir mar a bhíonn éileamh orthu. Tá cumamm d'Ord Mhálta bunaithe ar an oileán. Tugann said an aosach le chéile uair sa choicís. Cuireann siad béile agus imeachtaí sóisialta ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin tugann said lámh chúnta don altra más gá.

Tá sé os cionn céad bliain ó tháinig an chéad altra chun an oileáin agus tá go leor déanta ó shin ach tá spás ann le tuilleadh forbartha a dhéanamh. Ba mhaith liomsa go mbeadh na seirbhísí sláinte ar fad faoi aon díon amháin ar an oileán. Chuirfeadh sé seo go mór le cúram éalainge an othair. Tá suíomh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n-oibríonn an taltra as, bheadh sé oiriúnach ach é a athchóiriú. Sin é 'Teach na Stocaí', tá stair ag baint leis an bhfoirgneamh seo freisin ach sin do lá eile.

Finuala Ní Loinsigh Uí Fhátharta, Altra Sláinte Poiblí, Inis Meáin