Brabhsáil na Taispeántais (18 iomlán)

An Comhthéacs Stairiúil (Glórtha na Réabhlóide)

Tugann na míreanna fuaime ar an suíomh seo léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Déantar iarracht, sna naisc ar dheis, comhthéacs stairiúil an ama a thabhairt ar bhealach gonta agus oibiachtúil. Déantar seo chun cúnamh a thabhairt don éisteoir, más gá, an mhír fuaime atá faoi chaibidil a leabú sa chomhthéacs stairiúil cuí.

Na Cuimhní Cinn (Glórtha na Réabhlóide)

Thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972, agus ó shin ar aghaidh craoladh cuimhní cinn na ndaoine a chonaic agus a ghlac páirt sna heachtraí stairiúla sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Rinneadh go leor de na hagallaimh seo sna 1970í agus sna 1980í. Is foinsí príomha, tábhachtacha staire iad na hagallaimh seo. Tugann siad léargas, freisin, ar an tionchar pearsanta a bhí ag an tréimhse seo orthu féin agus ar a muintir. Tá na hagallaimh bailithe le chéile sa taispeántas seo.  Tá na míreanna fuaime ó na hagallaimh, in éineacht le hachoimre ghearr, ar dheis. 

Staraithe ó Chartlann an Raidió (Glórtha na Réabhlóide)

Chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta go leor clár inar déanadh iarracht comhthéacs grinn faoin tréimhse 1913-1923 i stair na hÉireann a léiriú don phobal éisteachta. Is iomaí saineolaí agus staraí a roinn a gcuid eolais ar na cláir faisnéise agus na míreanna nuachta seo. Sa taispeántas seo, rinneadh na míreanna fuaime seo a rangú de réir na haíonna éagsúla a ghlac páirt iontu. Tá na naisc ar dheis.

Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth

https://www.cartlann.ie/files/original/128fa8e1cb7e8d9c536b6f893e9322d7.pdf

Tá clú ar Sheán Mac Giollarnáth mar bhéaloideasóir agus mar scríbhneoir. Chuir sé 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.

Tabhair faoi deara go ndearnadh digitiú ar chaighdeán (nó taifeach) an-ard ar na lámhscríbhinní. Tá taifeach na gcáipéisí ar chlé laghdaithe de bheagán ionas gur féidir iad a léamh, ach tógfaidh sé tamall iad a íoslódáil ar do ríomhaire mura bhfuil do cheangal idirlín sách láidir.

Cuirfidh muid leaganacha ar chaighdeán níos ísle fós ar fáil má fheictear go bhfuil éileamh orthu.

Tá leaganacha ardtaifigh de na lámhscríbhinní ar fáil ar an suíomh seo freisin.

Téacs Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth

https://www.cartlann.ie/files/original/8191270fff26a1dc839e4741ceae8d70.jpg

Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Sa bhliain 1925 ceapadh é ina bhreitheamh Cúirt Dúiche i gConamara, agus d’fhan sé sa bpost sin ar feadh 25 bliain. Le linn an ama seo thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu. Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar.

Is sa tseanchló a scríobhadh na lámhscríbhinní, ach rinneadh iad go léir a thrasscríobh. Tá na leaganacha tras-scíofa de na míreanna go léir ar fáil ach an nasc ar dheis a chliceáil.

Seán Mac Giollarnáth Ar an Raidió

Ó na seachtóidí ar aghaidh chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta saothar Mhic Giollarnáth i láthair do phobal úr i réimse clár faoina shaol agus a shaothar. Chuir muid na cláir seo i dtoll a chéile don suiomh seo. 

Craoladh agallamh le Dónal Ó Colchúin ar Leatsa Leagan i 1993 ina ndearna sé trácht ar shaol Sheáin Mhic Giollarnáth. 

Craoladh Annála Beaga ó Iorrus Aithneach idir 1986 agus 1987. Sa tsraith seo de 35 chlár, léann Liam Mac Con Iomaire sleachta as Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) ceann de na leabhair ba chlúití a d’fhoilsigh Mac Giollarnáth. I measc na scéalta atá sa gcéad chlár tá Na Fir Beannaithe agus na hOileáin, Naomh Pádraig agus Mam Éan agus Naomh Pádhraic agus Crom Dubh a bailíodh ó Phádhraic Mac Con Iomaire agus ‘Brighid’ a bailíodh ó Mhícheál Mac Donnchadha (Micilín). 

I mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair, 1986, mar chuid den tsraith Bí Liom Seal Eile, léigh Peadar Lamb Tír na nDall - The Country of the Blind (1904) - an gearrscéal le H.G. Wells a d'aistrigh Seán Mac Giollarnáth go Gaeilge.

I 1976 déanann Trian le Scéalaíocht trácht ar na scéalta a d’inis Micilín (Mícheál Mac Donnchadha) do Sheán Mac Giollarnáth. Foilsíodh roinnt de na scéalta seo in Loinnir Mac Leabhar agus sgéalta gaisgidh eile (1936). Sa gcéad chlár léann Stiofán Ó Cualáin An tÉan Órga.

Tá naisc chuig na míreanna fuaime go léir ar an leathanach seo.

Báid agus Bádóirí in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/5ad500038c06ee3794d6de53847131b7.jpg

Ó foilsíodh an chéad Iris de chuid an Phléaráca in 1991, bhí báid, bádóirí agus cultúr na seoltóireachta mar théama leanúnach sna hIrisí. A bhuíochas d’údair cosúil le Pádraig Seoige, Máire Ní Chualáin agus, go háirithe, Ruaidhrí Ó Tuairisg, roinneadh leis an léitheoir eolas agus scéalta, stair agus seanchas faoi cheird, faoi chontúirt agus faoi dhraíocht na slí maireachtála seo.

Tugtar léargas sna hIrisí ar stair na bádóireachta sa nGaeltacht agus ar an úsáid a baineadh as na báid mar an príomh-mhodh taistil agus trádála sa gceantar. Tá scéalta spéisiúla iontu freisin faoi bháid mhóra na linne sin, ina measc An Tónaí, a tógadh in 1892, agus a bhí ag tarraingt an phoist as Gaillimh go hÁrainn, An Capall, a bhí ag tarraingt mhóna go Cinn Mhara, Baile Uí Bheacháin agus Árainn, agus Bád Chonroy, a bhí ag trádáil ó shiopa Chonroy i Ros Muc.

Tugtar spléachadh freisin ar úsáid na mbád sa lá inniu atá ann – idir gheallta agus rásaí na gcurachaí - agus tá tuairisc spéisiúil ar aistear seoltóireachta a rinneadh idir Siracusa agus Cloch na Rón. Tugtar léargas, freisin, ar chontúirt na ceirde, mar is léir ón iliomad tagairt atá sna hailt dóibh siúd ar bádh agus iad i mbun seoltóireachta.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.

An Béaloideas in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/153c1e90391bd21239fdb231591785b3.jpg

Tá an béaloideas agus an cultúr dúchais mar ábhar plé in Irisí an Phléaráca ó foilsíodh an chéad Iris in 1991. Scríobh údair cosúil le Pádraig Ó hÉalaí agus Ruaidhrí Ó Tuairisg faoi nósanna agus faoi chleachtais thraidisiúnta i nGaeltacht Chonamara. Pléadh nósanna a bhain leis na mairbh, le piseogaí, leis an nádúr agus le cúrsaí mara.

Tugtar aitheantas do sheanchaithe an cheantair sna hIrisí freisin. Tá alt scríofa ag Séamas Ó Cualáin faoi Mhaitiú Ó Curraoin (1847-1923), nó Maitiú na Tamhnaí ón Spidéal. Ba scéalaí den scoth a bhí sa bhfear, agus oibrí maith freisin, mar, i bhfocail Uí Chualáin "ní raibh obair ar bith os cionn acmhainne Mhaitiú na Tamhnaí. Níor leasc leis cliabh móna a iompar ocht míle bealaigh óna bhaile féin go Poll an Chladaigh i nGaillimh áit ar dhíol sé a chuid éadála ar thrí phingine".

Tá beathaisnéis chuimsitheach an bhailitheora béaloidis iomráitigh Seán Mac Giollarnáth scríofa ag Dónall Ó Colchúin, taobh leis an alt Sgorrach Ghlionnáin, sliocht as Peadar Chois Fharraige, cnuasach scéalta ó Pheadar Mac Tuathalláin as Cois Fharraige a d’fhoilsigh Mac Giollarnáth in 1934.

Tá roinnt de na hailt faoin mbéaloideas le fáil ar an leathanach seo.

Cúrsaí Spóirt in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/35752ebe88d59973c8f6ebbfc7770a91.jpg

Tá cúrsaí spóirt, go háirithe na cluiche Gaelacha, go mór faoi chaibidil in Irisí an Phléaráca. Pléitear sna hailt éachtaí lúthchleasaithe agus laochra spóirt éagsúla, idir dhornálaíocht agus iománaíocht, pheil agus spóirt uisce. Dírítear go minic ar mhuintir na Gaeltachta a rinne gaisce ar fhoirne sinsearacha na Gaillimhe – ina measc Hugó Ó Ciardha as Carna agus Pádraic ’ac Coisteala as an Spidéal – agus orthu siúd a rinne gaisce go hidirnáisiúnta.

Cé gur chuir neart údar peann le pár chun na scéalta seo a insint, ní raibh aon duine níos díograisí ná Séamas Ó Cualáin, nó Séamus Mhicilín, as an Spidéal. I chuile eagrán d’iris bhliantúil an Phléaráca, ó foilsíodh an chéad cheann in 1991, bhí alt ann ag Séamas Ó Cualáin faoi chluichí móra peile agus iománaíochta ar fhreastail sé féin orthu. Tá beocht ar leith i scríbhneoireacht Uí Chualáin, agus ní féidir a shárú a fháil agus é ag déanamh cur síos, buille ar bhuille, ar mhórchluichí na linne.

Tá giotaí eolais agus staire i measc na n-alt seo freisin. Tugtar léargas ar an dá mhórchorn náisiúnta i spórt na nGael – Corn Mhic Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh – lena n-áirítear beathaisnéisí spéisiúla an dá laoch ar ainmníodh na cupáin sin in ómós dóibh.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.

Polaitíocht Chonamara in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/c097b08de699656f7eb4d6931ec2b085.jpg

Ní ábhar iontais é go bhfuil cúrsaí polaitíochta i gConamara go minic mar ábhar díospóireachta agus anailíse in Irisí an Phléaráca. Tá spéis ar leith ag muintir Chonamara i bpolaitíocht an cheantair, i bhfianaise an tionchair atá ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar na nithe sin – ar nós cúrsaí pleanála, teanga, tithíochta agus fostaíochta – atá ag dó na geirbe ag muintir na Gaeltachta. I mórán chuile Iris déanann Donncha Ó hÉallaithe anailís ar bhoscaí vótála na Gaeltachta i dtoghcháin éagsúla.

Pléitear go mion sna hIrisí an méid a thit amach le linn fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agus oidhreacht na gluaiseachta sin, ina measc bunú Raidió na Gaeltachta agus an forás a tháinig ar Údarás na Gaeltachta. Dar ndóigh, tá gné láidir pholaitíochta in eagarfhocail an Phléaráca freisin, agus go minic ba theachtaireacht shoiléir a bhí inti do pholaiteoirí na linne le go réiteodh siad fadhbanna sóisialta an cheantair.

Mar a bheifeá ag súil leis, tá cúrsaí teanga lárnach i ndioscúrsa na nIrisí, agus déantar anailís ghrinn agus chriticiúil ar iarrachtaí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta dul i ngleic le meath na teanga i gConamara. Tá agallaimh le polaiteoirí éagsúla sna hIrisí freisin, ina measc Comhairleoirí Contae, baill bhord an Údaráis, agus Airí Rialtais.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.