Brabhsáil Míreanna (99 iomlán)

  • Bailiúchán: Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime

Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977)

Sa chlár seo labhraíonn Séamus Mac Gearailt, Óglach as Corca Dhuibhne, le Mícheál Ó Sé faoin saol ó dheas ó thús an Chogaidh Mhóir i leith. An chuimhne a bhí ag Mac Gearailt ná go raibh na héisc an-fhlúirseach aimsir an Chogaidh…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #2 (10/11/1973)

Leanann Máirtín Ó Fátharta ar aghaidh lena phíosa cainte faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí ó leabhar an Ghaoraigh, Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na…

Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na…

An Piarsach agus na hÓglaigh (02/07/1979)

Is léacht dar teideal An Piarsach agus na hÓglaigh é seo a thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, i siompóisiam a d’eagraigh Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Márta 1979, agus a…

Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994)

Déanann Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste agus Co. Mhuineacháin cur síos ar a shaothar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Ó Baoighill atá le seoladh anocht (09/12/1994). Sa leabhar seo cuirtear síos ar Niall Pluincéad Ó Baoighill…

Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)

Sa gclár seo, a craoladh ar an 12 Samhain 1993, cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice…

Seosamh Ó Cuaig ag Éigse Ros Muc (02/04/1991)

Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus…

Tomás Ó Domhnaill (28/08/2001)

Is clár faisnéise é seo faoin náisiúnaí agus an polaiteoir Tomás Ó Domhnaill (1871-1943), as Lios Cearnaigh, An Baile Dubh, Co. Chiarraí. Bhí Ó Domhnaill ina fheisire i bParlaimint Westminster ó 1900 go 1918 do Chiarraí Thiar. Ba…

Máirín Quill ag trácht ar an gCuntaois Markievicz (07/12/1993)

Labhraíonn Helen Ní Shé le Máirín Quill, Teachta Dála i gCorcaigh, faoin gCuntaois Constance Markievicz, an chéad bhean a toghadh i nDáil Éireann. Tá comóradh le…