Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag

Dublin Core

Teideal

Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag

Ábhar

Stair, Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An dara bliain deiridh den chogadh a bhí ann. Bhí ciondáil ar beagnach gach earra agus cuimse earraí do-fhaighte. Ní raibh leath-dhosaen carranna sa bparóiste uilig agus formhór na rothar a bhí ann bhíodar caite ina scaoinsí cois claí de dheasca boinn. Bhíodh faire ar an gcladach ar ghaoth ag súil le bruith-fá-thír. An té a n-éireodh meall ruibéir leis - agus bhí corr-cheann ag teacht isteach - bheadh a hocht nó a naoi de phunta agus dhá bhonn Dunlop le fáil aige. B'shin toirtín na haimsire. Ba iad sin blianta na gclogs is an chaife, blianta na mine duibhe is an easba mhóir. Ar a sheans go raibh Cré na Cille dá goradh nó ar thob a ginte.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mícheál Ó Fatharta

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

1979

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI1979A04

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/66944de2d952c4a962693e4c3f237ef8.pdf

Clibeanna

Tagairt

Mícheál Ó Fatharta, “Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/1964.