Naíscoil Lurgan

Dublin Core

Teideal

Naíscoil Lurgan

Ábhar

Luathoideachas

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an chéad naíscoil i gConamara i 1975 agus seo mar a tharla sé. Tar éis dom naíscoileanna a fheiceáil i Sasana, agus an tairbhe a bhain gasúir astu, chuir mé féin spéis iontu agus bheartaigh mé ar chúrsa traenála a dhéanamh i stiúradh naíscoile. Nuair a d'fhill mé ar Chonamara chonaic mé go raibh easpa mór ar na gasúir bheaga agus, tar éis suirbhé a dhéanamh i measc na dtuismitheoirí, ba léir dom go raibh siadsan den tuairim gur theastaigh naíscoil san áit. De bharr an tsuirbhé seo bunaíodh an chéad naíscoil i gColáiste Lurgan. D'éirigh thar cionn léi agus tá naíscoileanna eile sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua anois. Chonaic Bord na Gaeilge go raibh naíscoileanna riachtanach i gConamara agus cheap siad feitheoir le naíscoileanna eile a bhunú.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireacht Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

1979

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI1979A07

Clúdach Tíreolaíoch

An Cnoc

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/418b18f05c8064ef15fbaf217b9cdbbd.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireacht Biseach, “Naíscoil Lurgan,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/1967.