Biseach i Zambia

Dublin Core

Teideal

Biseach i Zambia

Ábhar

Creideamh

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá mé ar ais i Zambia i gceart lár na hAfraice. Ó thárla gur ar maidin (an lá deire de mhí na Nollag) a bhí m'eiteallán ag imeacht as Bleá Cliath b'éigean dom an baile a fhágáil an lá roimhe sin agus an oíche a chaith i mBleá Cliath. Thug mo cháirde ansin chuig seó Nollag Mháirín Potter mé (“Na Páistí sa gCoill”). Ní raibh sé thar moladh beirte, b'fhacthas dom. Beag an ghoir a bhí aige ar an oíche roimhe sin i nGairm-Scoil Choilm Cille. Ní fhéadfadh an oíche chéanna a theacht ní ba thráthúla dhomsa. Ó ba í an oíche dheire sa mbaile agam í, agus fuair mé an-tsásamh ar chuile shórt idir phoirt, amhráin, damhsa an cupán tae agus ar ndó ní áirím an comhluadar. Chruthaigh Joe Steve thar cionn mar fhear a' tí, nár laga Dia é. Rinne mé fhéin agus mo mhama ceapairín beag de waltz, a mh'anam; ba mhaith uaithi-se lá den tsaol, ach shílfeá gur dhá chois chlí atá orm fhéin, fairíor. Thug mé mo chuid deiseanna ceoil ar ais liom agus bím a' baint corr-shinneán astu. Seo é an chéad uair agam na píobaí uilleann a thabhairt liom; shíl mé i gcónaí nach seasfaidís an teas ach dheamhan blas mairg orthu, fós ar aon chaoi .

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Pádhraicín Dárby

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

1983

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI1983A02

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/d8fd2d8f7f958368db8b1dfd532f0960.pdf

Clibeanna

Tagairt

Pádhraicín Dárby, “Biseach i Zambia,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/1984.