Eanlaith Fiáine
Dublin Core
Title
Eanlaith Fiáine
Subject
Fiadhúlra
Description
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mbéal an dorais agam mé óg bhí dhá choill: ceann an taobh s'againne den abhainn agus an ceann eile ar an taobh thall. Níor bheo mise agus gasúir m'aoise gan seáirse a thabhairt ins na coillte sin. Aeraíl na hóige dár saighdeadh an uair úd. Bhíodh cineál draíocht ag baint leis ag teacht na huaire bhreá tráth mbíodh an dúlra 'na dhúiseacht, an lá gafa i bhfad agus gléineacht an tsuaircis le tabhairt chun cruinnis sa ngrian, sa ngealach, sa spéir ó mhaidin go moch go camhaoir an tráthnóna. Na héanlaith a raibh a dtarraingt ar mhong, ar chrann, ar aill, ar thamhnach, ar riasc, ar thom nó ar sceich taobh istigh nó taobh amuigh de na coillte úd, sin iad a mheall sinne lena nglaoch, le torann a gcuid sciathán agus le niamhracht a gcuid ceoil. Chualamar cois teallaigh faoi Úna Bhán " ... a glór ba binne ná glór an éin ar chraoibh". Dúradh linn freisin "go n-imthíonn an mheánfach ó dhuine go duine mar a imthíonn an t-éinín ó bhile go bile".
Creator
An tAthair Máirtín Ó Loideáin O.C.D.
Source
Bailiúchán Biseach
Date
1987
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI1987A03
Tagairt
An tAthair Máirtín Ó Loideáin O.C.D., “Eanlaith Fiáine,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed January 8, 2025, https://cartlann.ie/items/show/1996.