Scéalaí Trí Shúile Bailitheora: Maitiú Mór Ó Tuathail agus Colm Mac Gill Eathain

Dublin Core

Teideal

Scéalaí Trí Shúile Bailitheora: Maitiú Mór Ó Tuathail agus Colm Mac Gill Eathain

Ábhar

Béaloideas, Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chaith an tAlbanach, Colm Mac Gilleathain, tréimhsí i dtús na ndaicheadaí san aois seo caite ag bailiú béaloidis i gceantar Indreabháin agus ba bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann é nuair a d'fhág sé an áit i samhradh na bliana 1946. Luigh sé isteach go héasca le saol na ndaoine - thugtaí 'Colm na nAmhrán' air - agus d'éirigh thar barr leis ina chuid oibre. Is léiriú ar sin na cheithre mhíle éigin leathanach a bhreac sé sa tréimhse sin agus atá ar caomhnadh anois i gcartlann Roinn Bhéaloideas Éireann (CBÉ), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I measc na seanchaithe ar thóg sé ábhar uathu bhí Maitiú Mór Ó Tuathail, as na Creagáin a bhfuil breis is míle leathanach dá sheanchas i gcartlann CBÉ. Is é Colm a bhreac síos thart ar ocht gcéad leathanach den ábhar seo agus thóg Brian Mac Lochlainn, bailitheoir lánaimseartha eile de chuid an Choimisiúin, an chuid eile de.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Pádraig Ó Héalaí

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2000

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2000A15

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/8f47e98170bc749f3c495c8fe6861350.pdf

Clibeanna

Tagairt

Pádraig Ó Héalaí, “Scéalaí Trí Shúile Bailitheora: Maitiú Mór Ó Tuathail agus Colm Mac Gill Eathain,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2045.