Beannacht na Tine

Dublin Core

Teideal

Beannacht na Tine

Ábhar

Béaloideas, Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Paidir le Meaig Churraoin (as na hAille ó thús di). San am fadó, bhí chuile dhuine ag brath ar an tine. Ní raibh deis ar bith eile le rud ar bith a bhruth. Lá amháin, bhí an Mhaighdean Mhuire, moladh go deo léi, ag dul thart. Bhí tart agus ocras uirthi. Bhuail sí isteach ag an mbean seo, ach bhí an tine imithe as, beagnach mar bhí an bhean tar éis a bheith amuigh ag obair. D'iarr an Mhaighdean Mhuire rúinne le n-ithe, ach bhí an tine imithe as. Thug an bhean arán agus im di agus arsa an bhean "thabharfainn tae duit freisin dá mbeadh tine agam. "Ó", arsa an Mhaighdean Mhuire, "is gearr go mbeidh tine agat freisin. Cuir na smiochóideacha atá sa luaith os cionn a chéile." Rinne an bhean amhlaidh agus ar an nóiméad, tháinig solas ar na splancracha agus chuir siad tuilleadh móna isteach léi agus rinne siad tae. Chuir an Mhaighdean Mhuire láithreach beannacht agus dúirt gurbh iad an dá thine is túisce a lasfadh ná: Tine tar éis bruithneoige (sin fata rósta) nó Bean tar éis sudóige (sin é an t-ainm a thugadh siad fadó ar an gcáca a bhruitheadh siad ar leic an teallaigh gan bácús ná pan).

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2000

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2000A16A

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/afb1bea469bd7c2b29fb492a5698a3e6.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Beannacht na Tine,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2047.