Páirc an Chnoic

Dublin Core

Teideal

Páirc an Chnoic

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach ag deireadh 1966-1967 bhí caint ar pháirc a thógáil. Ag cruinniú cinn bhliana 1 967 moladh Coiste Páirce a chur le chéile. Tugadh Coiste na Páirce Teo. ar an gcoiste seo. Ba í an aidhm a bhí acu sin suíomh a aimsiú agus páirc a chur ar fáil. San am sin bhíodh peil á imirt ar an gCreach Oileáin sa samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an Coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Páirc Ghnó Shailearna anois. Dhíol an Coiste an suíomh le Gaeltarra Éireann agus socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc, a iarraidh ar an Easpag Ó Cuinneáin, Ardeaspag Dheoise Thuama ag an am. Fuair siad ocht n-acra den 1 1 . 5 acra den talamh sin. Is ag an am seo a bunaíodh Coiste Airgid na Páirce, chun airgead a bhailiú don pháirc. Bhailigh siad an t-airgead trí chrannchuir agus dul thart ó theach go teach, díolacháin earraí, siúlóidí, imirt chártaí agus deontais ó Roinn na Gaeltachta, cúnamh ón gComharchumann agus ón gCumann Forbartha, chomh maith le heagrais agus daoine eile. Sa mbliain 1975 a thosaigh siad ar fhorbairt na páirce agus 'siad Coiste an Airgid a thóg cúram iomlán na páirce orthu féin an pháirc a thógáil agus an t-airgead a bhailiú. Sa mbliain 1976 shocraigh an Coiste cúirt liathróide láimhe a thógáil chomh maith le seomraí feistis. Sa mbliain 1980 d'oscail siad an chúirt liathróide láimhe go hoifigiúil. I 1982 rinneadh an pháirc a oscailt go hoifigiúil. Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl ar an bpáirc i 1981 agus aríst i 1992. Sa mbliain 1986 bunaíodh coiste nua, Coiste Forbartha na Páirce. Bhí sé mar aidhm acu siúd na lochtanna a bhí ag an bpáirc agus an suíomh ar fad a réiteach amach, mar aon le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bpáirc. Sa mbliain 1986 cuireadh Scéim SES (FÁS) ar siúl den chéad uair.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Pádraic Tim Ó Conghaile

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2001

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2001A18

Clúdach Tíreolaíoch

An Cnoc

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/2f4eeb25cba91ea9784c64baee0315bb.pdf

Clibeanna

Tagairt

Pádraic Tim Ó Conghaile, “Páirc an Chnoic,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 27 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2067.