Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic

Dublin Core

Teideal

Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic

Ábhar

Forbairt Phobail

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé feicthe agam anseo i bPobal an Chnoic i gcaitheamh na mblianta go mbíonn oíche amháin ann chuile bhliain a thugann léargas soiléir dá mbíonn i láthair ar phobal beo gníomhach nach mbíonn ina chónaí. Sin í an oíche a dtagann moltóirí Ghlór na nGael le castáil le hionadaithe na gcoistí deonach agus breithiúnas a thabhairt ar na himeachtaí poballárnaithe agus teanga-lárnaithe a bhíonn ar suil sa bParóiste. Bhuaigh Pobal an Chnoic an chéad áit in Éirinn faoi dhó cheana i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael. Mhothaigh mé féin go minic gur mhór an trua nach bhfeiceann agus nach gcloiseann an pobal uilig faoi chuile shórt a bhíonn ar siúl ag na coistí deonacha agus iad ar fad ag obair go crua ag iarraidh Pobal an Chnoic a fhorbairt le ceangal na Gaeilge agus gan oiread is ceann amháin acu ag ligean a chuid maidí le sruth.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2003

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2003A01

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/b8c511fbe234278889f64bcc15ef1631.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2086.