Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta

Dublin Core

Teideal

Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta

Ábhar

Gnó

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta ar a chosa sa phobal anois le sé bliana déag, ó bunaíodh é i 1987. Is fada atá an Comhar Creidmheasa tagtha ar aghaidh ón bhfís a bhí ag an ngrúpa a tháinig le chéile i 1986 chun an geimhreadh a chaitheamh ag foghlaim faoi rialacha feidhme do chomhar creidmheasa. Bhí an grúpa den tuairim ag an am go mbeadh suas le 400 duine sa phobal ag iarraidh ballraíochta agus gur mhór an t-éacht é dá mbeadh £400,000 (timpeall €500,000 in airgead an lae inniu) sábháilte ag na baill sin. Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol sa tír seo ó shin agus is dóiche go bhfuil sé áiféiseach a bheith ag déanamh comparáide idir mhianta sna blianta 1986/87 agus saol na bliana 2003 ach, fiú nuair a thógtar sin san áireamh, is beag a cheapfá i 1987 go mbeadh 5,000 ball i gComhar Creidmheasa Cholm Cille agus timpeall €15 milliún sábháilte acu ag aon am.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dónall Mac Giolla Bhríde

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2003

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2003A13

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/74e7a1e9ff4def967e2c37da9419b650.pdf

Clibeanna

Tagairt

Dónall Mac Giolla Bhríde, “Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2098.