‘Is fiú agus is féidir’, Mana Choláiste Chamuis

Dublin Core

Teideal

‘Is fiú agus is féidir’, Mana Choláiste Chamuis

Ábhar

Coláistí Samhraidh

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 32 bhliain slánaithe ar an bhfód i mbliana ag Coláiste Chamuis. Bunaíodh an Coláiste thiar i 1973 leis an mana is “Is fiú agus is féidir”. Tá oifig an Choláiste bunaithe anois sna hAille in Indreabhán agus reachtálann an Coláiste cúrsaí sa Tulaigh, i Ros an Mhíl agus ar ndóigh i gCamas féin. Tá ionad dár gcuid féin, Teálta na hÓige, tógtha ar an mBaile Láir i Ros an Mhíl ag an gColáiste. I samhradh na bliana 2005 d’fhreastail os cionn 1,300 scoláire ar an gColáiste. D’fhan siad sna tithe lóistín áitiúla a bhfuil 52 acu cláraithe leis an gColáiste agus iad scaipthe ó na Creagáin i gceantar Indreabháin go dtí Leitir Móir na Coille i gceantar Chamais. Chomh maith leis an méid sin scoláirí, bíonn ar a laghad 60 ball foirne ag obair don Choláiste, ó gach ceard don tír.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máire Denvir

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2005

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2005A13

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/14d2ff72d530bc6047d51ea182b00f42.pdf

Tagairt

Máire Denvir, “‘Is fiú agus is féidir’, Mana Choláiste Chamuis,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2153.