Forbairt mhór ag Scoil Sailearna

Dublin Core

Teideal

Forbairt mhór ag Scoil Sailearna

Ábhar

Oideachas

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí forbairt mhór le déanamh ag Scoil Sailearna sa mbliain 1999 agus tar éis a leithéid a bheith ceadaithe ag an Roinn Oideachais, cheap Bord Bainistíochta na Scoile ailtire (Douglas & Wallace) le pleananna agus léaráidí a réiteach don fhorbairt sé bliana ó shin. Bheadh €2m de chostas ar an obair agus nuair a cuireadh na moltaí uilig ag aghaidh chuig an Roinn Oideachais glacadh i bprionsabal leo. Ar 23 Eanáir, 2003, d’fhoilsigh an Roinn liosta de na scoileanna uilig sa tír a bhí le forbairt agus bhí Scoil Sailearna sa gcúigiú háit i gCo. na Gaillimhe sa liosta príorachtaí sin. Cuireadh moill ar an obair mar gheall ar ghanntanas airgid sa Roinn. Gheall an Roinn, san earrach 2005, go mbreathnódh siad arís ar chás Sailearna agus tá súil againn nach mbeidh sé curtha ar an méir fhada arís agus scoileanna eile brúite roimhe mar a tharla cheana.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An tAth. Micheál Ó Flannabhra

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2005

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2005A27

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/fd1f51101da541e85ac1e17ff6f3d8db.pdf

Clibeanna

Tagairt

An tAth. Micheál Ó Flannabhra, “Forbairt mhór ag Scoil Sailearna,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 27 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2168.