Cumann Forbartha Chois Fharraige

Dublin Core

Teideal

Cumann Forbartha Chois Fharraige

Ábhar

Forbairt Phobail

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh aon choiste pobail ná cumann forbartha ag feidhmiú i gCois Fharraige i dtús na seascaidí. Tháinig sagart darbh ainm an tAthair Seán de Bláca go dtí an Cnoc in áit an Athair Pádraig Ó Ruadháin S.P., a bhí tinn ag an am. Ba chapall oibre é agus chuir sé roimhe feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus cur le háiseanna sa gceantar. D’fhógair sé ón altóir go raibh cuireadh á thabhairt aige do mhuintir an pharóiste le coiste pobail a bhunú. Bhí an chéad chruinniú poiblí faoin ábhar seo sa séipéal ar 6 Márta 1966. Sa séipéal a bhí sé mar nach raibh aon áit oiriúnach eile sa cheantar le haghaidh cruinnithe. Ar an gCéadaoin dar gcionn, an 9 Márta, bhí an chéad chruinniú ag Coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2006

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2006A04

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/dd020cec0e9b26d2e834a0b22790e857.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Cumann Forbartha Chois Fharraige,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 23 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2173.