Seanphictiúir Anall as Meiriceá

Dublin Core

Teideal

Seanphictiúir Anall as Meiriceá

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo grianghraif a fuair Jimí Ó Fátharta anall as Meiriceá le gairid agus aistriúchán ar chuid den litir a sheol Gerie Huppe anall leo: “Phós Hanna Ní Thuairisg agus William O’Connor i 1902. Ní raibh aon chlann orthu ach bhí William pósta roimhe sin, sular chas sé le Hanna, agus bhí clann aige lena chéad bhean a bhásaigh agus na gasúir an-óg. Thóg Hanna na gasúir sin go fial cineálta, de réir dhuine dá leas-iníonacha. Máirtín Rua Ó Tuairisg ab ainm d’athair Hanna agus Hanna Ní Chualáin a bhí ar a máthair, arbh as an Lochán Beag dí ó dhúchas. Bhí deirfiúr aici, Kate, a phós Beartla Ó Cualáin as an Teach Mór Thiar. Fuair mé na pictiúir seo de mhuintir Uí Fheinneadha ó neach Choilm Uí Fheinneadha, duine acu sin a bhásaigh nuair a phléasc an mianach ar an Lochán Beag. Col ceathair léi, James Francis Coyne, nach maireann, as Portland Maine, a thóg na pictiúir agus grianghrafadóir gairmiúil a bhí ann. Ba mac é siúd le James Francis Coyne agus Katherine Feeney, deirfiúr le Colm a bhásaigh i dtubaist an mhianaigh.”

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2007

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2007A20

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/d620725bc0edb7ea491aee1217e310b2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Seanphictiúir Anall as Meiriceá,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2215.