Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe ag Mícheál Breathnach

Dublin Core

Teideal

Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe ag Mícheál Breathnach

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cleachtadh, cleachtadh agus tuilleadh cleachtaidh, sin a dhéanann foirfeacht, agus sin é a bhain amach Craobh na hÉireann sa liathróid láimhe d’Fhiontán Ó Curraoin i mbliana, do dhéagóirí Faoi-16. Sea, bhain sé amach Craobh Chonnachta go héasca, ach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann cé a thiocfadh ina aghaidh ach Pádraig Uí Chearbhaill an fear a bhí ina sheaimpín domhanda dhá bhliain ó shin. Bhí sárchluiche eatarthu ach fuair Fiontán an ceann is fearr air aríst eile, mar a fuair i mí Eanáir seo caite i gComórtas Oscailte na Mumhan. I gCluiche Ceannais na hÉireann bhuail sé Eoin Hennessy leis an scór, in ainneoin go raibh an bua ag Hennessy air i gcomórtas na Golden Gloves cúpla mí roimhe sin. Lena chois sin, bhain Fiontán amach gradam “Pearsa Spóirt mhí Aibreán 2008” ó First Active/An Curadh Connachtach.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Séamus Ó Fátharta

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2008

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2008A21

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/6c9d2bde053ec3a94a16d243c98f182c.pdf

Clibeanna

Tagairt

Séamus Ó Fátharta, “Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe ag Mícheál Breathnach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2236.