Cumann Mícheál Breathnach

Dublin Core

Teideal

Cumann Mícheál Breathnach

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl na comórtais ar fad thart fós go mbeidh sé i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair, is cosúil. Amach agus amach, bliain an-mhaith a bhí inti do na peileadóirí. Chuaigh an fhoireann faoi-21 chomh fada le cluiche ceannais an chontae i Roinn A, tar éis dóibh Craobh an Iarthair a bhuachaint i gcoinne Chill Ainnín i bhfíorchluiche peile. Ina dhiaidh sin a thug siad aghaidh ar Eanach Dhúin i gcluiche ceannais an chontae, áit a bhfuair fir an Eachréidh an ceann is fearr orainn le haon chúilín amháin sa deiridh. Ní raibh mórán ceapadh ag lucht peile na Gaillimhe dúinn sa ngrád seo mar gur foireann an-óg a bhí againn agus tá mé cinnte go mbeidh an fhoireann seo ar ais.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Pádraic Joe Shéamais

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2009

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2009A22

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/56b90878ff6c0e989d47a4f9b906294a.pdf

Clibeanna

Tagairt

Pádraic Joe Shéamais, “Cumann Mícheál Breathnach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 18 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2259.