Seaimpíní Sean-nóis

Dublin Core

Teideal

Seaimpíní Sean-nóis

Ábhar

Amhránaíocht

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bpictiúr seo tá cairde agus muintir Órla Ní Fhinneadha as an gCloich Mhór. Bhuaigh Órla craobh na hÉireann Faoi-18 sa gCabhán ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Seo é an tríú bliain aici craobh na hÉireann a bhuachaint. Tá go leor comórtais eile buaite aice le blianta anuas – Corn Cuimhneacháin Phatsy Ó Ceannabháin na bliana seo ina measc. Chas Órla amhrán d’Uachtarán na hÉireann ar an gCeathrú Rua cúpla bliain ó shin agus chas sí ar an gClochán don Taoiseach le gairid. Tá Órla ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Phetair Uí Dhroighneáin ó bhí sí ar an mbunscoil agus tá sí fós ag freastal orthu. Ní féidir an iomarca moladh a thabhairt do Mháire Phetair. Ní hé amháin gurb í Máire an t-amhránaí sean-nós is fearr sa tír ach ’sí an múinteoir is fearr freisin í agus níl deireadh ar bith lena foighid.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2010

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2010A09

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/cd591db6e856c30c06fe91b71c17d1dd.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Seaimpíní Sean-nóis,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2277.