Cois Fharraige Céad Bliain ó Shin – nótaí ar Dhaonáireamh 1911

Dublin Core

Teideal

Cois Fharraige Céad Bliain ó Shin – nótaí ar Dhaonáireamh 1911

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é an Toghroinn Ceantair nó an District Electoral Division an bunaonad faoinar tugadh faoi Dhaonáireamh na bliana 1911. Don tsracfhéachaint seo ar cheantar Chois Fharraige, rinneadh staidéar ar thorthaí as trí cinn de na toghranna: Sailearna, lena n-áirítear na hAille, Both Bhrocháin, Clochar na gCon, Cor na Rón, Formaoil, Gleann Mhac Muirinn, Glionnán, an Cnoc agus an Lochán Beag; Cill Ainnín, lena n-áirítear Both Chuanna Thoir agus Thiar, Both Loiscthe Íochtair agus Uachtair, Clochar na Lára, Fionnán, Coill Rua Thoir agus Thiar, Leitir Fir agus Seanadh Mhóinín; agus Cill Chuimín, lena n-áirítear Baile an tSléibhe, Baile na hAbhann, Bánrach Bán, Cartúr agus Cartúr Leathan, na Doireadha, Doire Choill, Doire Bhriosc, Gleann Trasna, na hUillinní, Indreabhán, Caorán na gCearc, Cnoc Aduaidh, Léim Thoir agus Thiar, Leitir Móir, Log an Ime, na Mine, Muiceanach Choille, Ros an Mhíl, an Seanbhaile, Tóin an Chnoic agus an Tulach. Mar is léir, níl na bailte fearainn seo go léir i gCois Fharraige: tá bailte uilig Shailearna, go leor de bhailte Chill Ainnín, agus roinnt bailte i gCill Chuimín. Mar a thuigfí, is é an ceantar sin atá buailte ar an bhfarraige, Cois Fharraige, is é sin, ó Abhainn an Spidéil siar go hAbhainn Chromghlinne, agus b’fhéidir Crosbhóthar na Tulaí, atá faoi chaibidil, ainneoin go bhfuil cuid mhaith amhrais ann faoi theorainneacha an cheantair.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Lochlainn Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2011

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2011A07

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/489424e20379b623bba1bc3742b73181.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “Cois Fharraige Céad Bliain ó Shin – nótaí ar Dhaonáireamh 1911,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 23 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2299.