Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód

Dublin Core

Teideal

Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód

Ábhar

Oideachas

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coláiste Cholmcille suite i mbaile na hAille in Indreabhán, Conamara. Tá sí trí scóir bliana ar an bhfód anois. Is í Coláiste Cholmcille an féirín is fearr agus is fóiniméidí a tháinig go Cois Fharraige go dtí sin. Bhí an ceantar foirgthe ag aicíd agus ag anachain na himirce le blianta. Nuair a bhíodh na gasúir réidh leis an mbunscoil ní raibh i ndán dóibh ach an Bád Bán soir nó steamer Mheiriceá siar, cé is moite de chorrdhuine a d’fhan lena muintir sa mbaile. Ní raibh mórán foráis i ndán dóibh ag stracadh agus ag strácáil, ag strachailt agus ag tiaráil ar ghiodán creagach, gann gortach. Is minic go bhfanfadh beirt sa mbaile agus go roinnfí an giodán eatarthu, rud a d’fhágfadh cúrsaí níos measa agus iad fágthaí i dtuilleamaí na spáide ag scríobadh creaga.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Cóil Learaí Ó Finneadha

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2015

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2015A03

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/23250e61fccc60d033e30b7a59e992e1.pdf

Clibeanna

Tagairt

Cóil Learaí Ó Finneadha, “Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2317.