Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015)

Dublin Core

Teideal

Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015)

Ábhar

Litríocht

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is maith is cuimhneach liom an chéad uair a leag mé súil ar an scoláire iomráiteach agus ar an nGael uasal Tomás Tom Shadhbh Ó Con Cheanainn a bhí ina Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1969-86, agus ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1990. Samhradh gréine na bliana 1969 a bhí ann, mé féin i mo dhalta iar-Ardteiste ag dul faoi scrúdú cainte na scoláireachtaí iontrála i léachtlann mhór aduain sa gColáiste Ollscoile a bhí lonnaithe an uair sin in Ardán Phort an Iarla. Fear ciúin séimh dea-labhartha a bhí romham a chuir an mac léinn neirbhíseach seo ar a shocracht ar an bpointe agus a labhair liom i nglan-Ghaeilge Chois Fharraige ar nós go raibh seanaithne againn ar a chéile. Is beag a cheap mé an uair sin go raibh treoir á fáil agam ó dhuine de mhórscoláirí Gaeilge a linne.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An tOllamh Gearóid Denvir

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2015

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2015A09

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/22a9602e99c4153dcae7d3268284434e.pdf

Clibeanna

Tagairt

An tOllamh Gearóid Denvir, “Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2323.