Blácaigh na Tulaí

Dublin Core

Teideal

Blácaigh na Tulaí

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De bhunadh na Breataine Bige iad Blácaigh na Gaillimhe, agus ‘Cadell’ nó ‘Cadwell’ an sloinne a bhí orthu. Ba é Richard Cadel an chéad duine acu a luaitear le Gaillimh (ag deireadh an 13ú haois–tús an 14ú haois) ach bhí leasainm air: ‘Niger’, dubh sa Laidin, nó ‘le Blak’ (a ndearnadh ‘Blake’ ina dhiaidh sin de). Ba dream mór le rá i gcathair na Gaillimhe iad ar feadh na gcéadta bliain agus stádas agus gradam dá réir acu: bhí postanna móra acu sa gcathair, agus bhí scór Blácach éagsúil ina méaraí ar chathair na Gaillimhe. Bhí easpaig ina measc chomh maith le bairnéid, ridirí agus teachtaí parlaiminte. Ba teaghlach gustalach, tábhachtach, mór le rá iad Blácaigh na Gaillimhe, mar sin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Lochlainn Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2016

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2016A04

Clúdach Tíreolaíoch

An Tulach

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/8c59d10ee2489bb0e6d8e738b91cbb44.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “Blácaigh na Tulaí,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2340.