Muintir Mhic Giolla Phádraig, an Teach Mór agus Speireadh na mBó

Dublin Core

Teideal

Muintir Mhic Giolla Phádraig, an Teach Mór agus Speireadh na mBó

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá scór bliain ann, beagnach, ó iarradh orm alt a réiteach do shraith cainteanna ar Raidió na Gaeltachta faoi stair na bpobal Gaeltachta, a foilsíodh ina dhiaidh sin sa leabhar Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán (Gearóid Ó Tuathaigh, eag., 2000). Thosaigh mé ag léamh agus ag déanamh taighde fúm agus tharam, agus mar chuid de seo tháinig mé ar chaiséad fuaime sa rannóg chlosamhairc i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. ‘Scéalaíocht agus Filíocht’ a bhí scríofa ar an gclúdach, agus dánta, scéalta agus seanchas as Cois Fharraige an t-ábhar a bhí faoi chaibidil ag an mbeirt nó triúr cainteoir a bhí le cloisteáil air. Ach ní raibh a fhios cé a bhí ag caint, ná cén uair a rinneadh an taifeadadh, ná cé a thug don leabharlann an chéad lá riamh é. D’éist mé leis ar chuma ar bith agus luaigh duine de na cainteoirí agus é ag trácht ar an Teach Mór, nó Baile an Tí Mhóir, an baile fearainn atá idir an Lochán Beag agus Cor na Rón, go raibh tiarna talún ann sa seanreacht darbh ainm Éamonn Mac Giolla Phádraig agus go gcaithfear gur drochthiarna a bhí ann, mar gur speireadh a chuid beithíoch.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Lochlainn Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2017

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2017A09

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/b0baa4e2d12b1ee3a01a80bcac05dc07.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “Muintir Mhic Giolla Phádraig, an Teach Mór agus Speireadh na mBó,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2367.