I gCuimhne an tSiopadóra

Dublin Core

Teideal

I gCuimhne an tSiopadóra

Ábhar

Gnó

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh a leithéid ann agus ollmhargadh sna tuathcheantair agus mise ag fás aníos, caoga bliain ó shin. Bhíodh an cruth céanna, beagnach, ar na siopaí uile. Bhíodh cuma tí orthu ón taobh amuigh, le fógra de chuid ‘Players’ nó ‘Sweet Afton” crochta amuigh faoin díon, le cur in iúl do dhuine gur siopa a bhí ann. Bhíodh cannaí ‘Batchelors Beans’, agus boscaí púdar níocháin ‘Rinso’, leagtha ar an bhfuinneog taobh istigh, chomh maith le hearraí eile. Bhíodh an dath imithe de na boscaí agus na cannaí seo go minic, an dath glanta díobh ag an ngrian, dá bhfágfaí iad rófhada ar an bhfuinneog.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Áine Durkin

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2017

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2017A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/64aeb5c43c3f3a1fce0f56ab49294817.pdf

Clibeanna

Tagairt

Áine Durkin, “I gCuimhne an tSiopadóra,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2369.